Méid an Téacs

Albam Sheachtain na Gaeilge 2012 ar fáil saor in aisce le Foinse

Márta 26, 2012

Is cúis áthais do Foinse go mbeidh RÍ-RÁ LE HECTOR, albam oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2012, ar fáil saor in aisce le Foinse agus an Irish Independent ar an gCéadaoin seo (28 Márta). Tá amhráin Ghaeilge ó chuid de na ceoltóirí is fearr sa tír le cloisteáil ar an albam speisialta seo; BellX1, The Coronas, The Kanyu Tree, Delorentos, The Walls agus The Riptide Movement, gan ach cúpla ceann a lua. Sheol Hector Ó hEochagáin, colúnaí Foinse, an t-albam ar a chlár raidió ar 2fm, Breakfast with Hector.
“Geallaim daoibh go bhfuil RÍ-RÁ LE HECTOR ar cheann de na halbaim is fearr i mbliana,” arsa Hector. “Faigh é, seinn é agus bíodh sé in aice leis an steirió don bhliain. Is í Éire ar dtír agus is í an Ghaeilge ár dteanga. Bíodh bród orainn!!”

Beidh an dlúthdhiosca ar fáil saor in aisce le cóipeanna de Foinse agus an Irish Independent, ó shiopaí SuperValu agus Centra ar fud na tíre. Dóibh siúd a bhfuil suim acu focail na n-amhrán ar RÍ-RÁ LE HECTOR a fhoghlaim, crochfar na liricí ar shuíomh Foinse, www.foinse.ie.

Bíonn Foinse ar fáil saor in aisce leis an Irish Independent ar an gCéadaoin. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig nuacht@foinse.ie nó glaoch a chur ar 091-593775.