Méid an Téacs

Allúntais de chuid na Roinne Gaeltachta

Samhain 19, 2013

Agus muid ag druidim i dtreo dheireadh na bliana, is deas a fheiceáil go bhfuil cúpla pingin fós fanta sa spiorán ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. agus roinnt mhaith deontas fógartha ag a Roinn le seachtain nó dhó anuas.

I measc na ndeontas a fógraíodh, bronnadh na suimeanna thíos:

  • €10,164 ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin anuas ar an €70,000 atá ceadaithe cheana chun cur ar a gcumas oibreacha athchóirithe a chur i gcrích ar dhromchla tarramhacadam na scoile agus ballchríoch a chur ar an obair atá á dhéanamh acu in aice na scoile.
  • €8,395 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Dhobhair Teo chun trealamh breise a cheannach d’Ionad Naomh Pádraig.
  • €35,304 don Chumann Lúthchleas Gael – Comhairle na Mumhan. Tá an deontas á cheadú chun cuid de na costais reatha a bhaineann le raon bearta atá faoi stiúir na Comhairle agus a thacaíonn le chur chun cinn na Gaeilge trí imeachtaí spóirt de chuid an Chumann Lúthchleas Gael i scoileanna Gaeltachta na Mumhan a mhaoiniú go dtí deireadh na scoil-bliana 2013/14.
  • €2,085 ceadaithe aige do Mheánscoil San Nioclás, An Rinn, Co. Phort Láirge, chun cur ar a gcumas cuirtíní, soilse agus seastán a cheannach don halla scoile.
  • €23,436 ceadaithe aige do Choiste Meitheal Oibre Chill Éinne chun cur ar a gcumas oibreacha áirithe a chur i gcrích ar na seomraí feistis ag páirc peile Chill Éinne.

Is gearr go mbeidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag scríobh a litir chuig Dinny na Nollag ag leagan amach ár n-éilimh don bhliain romhainn, más mian le léitheoirí Gaelport.com ionchur a bheith acu sa litir seo, bígí cinnte bhur moltaí a fhágáil ar an bhfóram plé thíos, nó a sheoladh chugainn ar eolas@gaelport.com.

Foilsithe ar Gaelport.com