Méid an Téacs

An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge seolta go hoifigiúil ag an gComhairle Mhúinteoireachta i gColáiste Mhuire gan Smál

Samhain 6, 2013

Seoladh clár nua iarchéime, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, i gColáiste Mhuire gan Smál ar an Satharn, 02 Samhain 2013. Is é seo an chéad chlár iarchéime sa tír le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lán-Ghaeilge. Ag seoladh an chláir go hoifigiúil ar an lá, dúirt Stiúrthóir na Comhairle Múinteoireachta, an tUas. Tomás Ó Ruairc, “Tá an clár seo, an M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge an-tábhachtach, go háirithe d’earnáil an tumoideachais agus na Gaelscolaíochta. Tá an clár trasearnála cumais foghlama seo ag cruthú spáis ar bhealach a thugann an scóip is mó is féidir do mhúinteoirí a bpróiseas foghlama féin a mhúnlú agus a stiúradh – le chéile. Tá sé ag cruthú an spáis sin ar bhealach atá iomlán solúbtha agus ilghnéitheach Tá an clár le moladh as an oiread sin earnálacha a tharraingt le chéile in aon phróiseas foghlama amháin. Tá an earnáil ag lorg a leithéid le fada an lá.”

Dúirt Uachtarán Choláiste Mhuire gan Smál, An tOllamh Mícheál Ó hAodha, “Trí imeascadh a dhéanamh ar chur chuige a roghnófar go cúramach agus a chuirfidh leis an gcur chuige duine le duine agus ar líne, ag teacht leis na torthaí foriomlána foghlama, tá sé beartaithe go bhforbróidh an clár ilchodach iarchéime seo pobail fiosrúcháin ina mbeidh teagasc agus foghlaim den chéad scoth chomh maith le scoláireacht agus taighde ag an leibhéal is airde”. Léirigh Déan an Oideachais, Coláiste Mhuire gan Smál, An tOllamh Teresa O’ Doherty go bhfuil sainriachtanais i ngort an oideachais Lán-Ghaeilge. Agus í ag caint le linn na hócáide, dúirt sí, “Is léir go bhfuil géarghá le clár ar leith a fhreastalaíonn go beacht ar na sainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil aitheanta seo. Tá céim shuntasach chun tosaigh tógtha againn inniu i saol an oideachais Lán-Ghaeilge.”

Ag an seoladh, bhronn Cathaoirleach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, An tUas. John Carr, spárántachtaí taighde ar mhic léinn an chohóirt reatha. Dúirt T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir, “Tá bearnaí suntasacha fós le líonadh nuair a thagann sé go taighde dúchasach an tumoideachais agus an oideachais lán-Ghaeilge sa tír seo. Cuirfidh an cohórt reatha seo agus aon chohórt eile sa todhchaí go suaithinseach agus go suntasach le réimse taighde agus cleachtais an tumoideachais agus an oideachais dhátheangaigh, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tá na síolta curtha inniu. Beimid ag súil leis an bhFómhar”

Ma tá tuilleadh eolais uait a bhaineann leis an gclár nua trasearnála cumaisc foghlama seo, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhordaitheoir an Chláir, T.J. Ó Ceallaigh ag tj.oceallaigh@mic.ul.ie