Méid an Téacs

An Mhí le Gaeilge

Feabhra 27, 2013

Tháinig grúpa le chéile Déardaoin seo caite ar an Uaimh, i gCo. na Mí chun cur chun cinn na Gaeilge sa chontae a phlé.

Faoi Chathaoirleacht an Teachta Dála de chuid Sinn Féin, Peadar Tóibín TD, leag an cruinniú amach na céimeanna a chonacthas dóibh ar cheart a ghlacadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an chontae.
Bhí idir eagrais Ghaeilge, ionadaithe poiblí, lucht comharchumainn, agus ionadaithe ó naíonraí áitiúla i measc an ghrúpa a bhí i láthair. Leagadh an-bhéim ar an oíche ar an infreastruchtúr teanga atá sa cheantar cheana féin, idir clubanna de chuid Chumann na bhFiann, naíonraí, gaelscoileanna, dhá cheantar Gaeltachta, agus craobhacha d’eagrais náisiúnta Gaeilge.
Pléadh comharthaíocht bóthair sa chontae, mar aon leis na deiseanna atá anois ar fáil do cheantair éagsúla chun stádas mar Ghréasán Gaeilge a bhaint amach faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Chuir an cruinniú romhaibh ócáid a eagrú go luath chun na dreamanna éagsúla atá ag plé leis an nGaeilge ar fud an chontae, bíodh sin sa CLG, sa chomhairle contae, san earnáil oideachais, nó trí ghrúpaí pobail a eagraíonn ciorcail chomhrá go rialta a tharraingt le chéile ionas gur féidir na deiseanna comhoibrithe eatarthu a phlé.
Tá tréimhse caite ag an Teachta Dála Tóibín ar Chomhairle Contae na Mí agus is iar-leasMhéara é ar an Uaimh, a bhaile dúchais féin. Deir sé féin go dteastaíonn uaidh go ndéanfai “na hiarrachtaí atá ar siúl i measc an phobail chun an Ghaeilge a chur chun cinn a chomhordú, le bheith cinnte go bhfuil gach dream ag comhoibriú lena chéile, chun cur le héifeacht na hiarrachta ar fud an chontae.”

Foilsithe ar Gaelport.com