Méid an Téacs

An Phríomhchathair ag ullmhú do Lá Mór na Gaeilge

Feabhra 11, 2014

Na sluaite le bailiú i mBaile Átha Cliath ar an Satharn beag seo

Ní fada anois go mbeidh grúpaí agus pobail ó fud fad na tíre ag tabhairt faoin turas go Baile Átha Cliath do Lá Mór na Gaeilge.

Mórshiúil agus slógadh i dtaca le cearta do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá i gceist leis an ócáid a bheas ar siúl ar Dé Sathairn, 15 Feabhra 2014. Fágfaidh an mórshiúl ón nGairdín Cuimhneacháin, Cearnóg Parnell, ag 2.00i.n. agus is é príomhchuspóir an fheachtais úrbhunaithe ná léiriú don Rialtas go bhfuil cur chuige na n-údarás maidir leis an nGaeilge ag sárú chearta teanga phobal na Gaeilge.

Eascraíonn gníomhaíochtaí an fheachtais as fógra éirí as an Choimisinéara Teanga i mí Nollag de bharr theip an Rialtais i leith chur i bhfeidhm beartais reachtaíocht teanga ag leibhéal an Stáit.

Dar le heagraithe an fheachtais: “Cuireadh dlús leis an bhfeachtas agus tugadh spreagadh dúinn tacaíocht an mhórphobail ar fud an oileáin a lorg dár gcearta mar gheall ar:
fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, An Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge
thuairisc Chomhairle na hEorpa a foilsíodh ar 14 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas”.

Beidh busanna ag taistil go Baile Átha Cliath ó Chonamara, Tír Chonaill, Ard Mhacha, Liatroim, Corcaigh, Cill Dara, Béal Feirste, an Mhí, Tír Eoghain agus Doire.

Mórshiúil beomhar a bheas ann a ndéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge mar theanga phobail bheo agus cuirfear críoch spleodrach leis an lá le ceol ó Seo Linn, baill ó Kila agus Na Fíréin.

Foilsithe ar Gaelport.com