Méid an Téacs

Bain cáilíocht sa Ghaeilge amach ag tosú i mí Mheán Fómhair

Meitheamh 18, 2013

An bhfuil cáilíocht tríú leibhéal sa Ghaeilge á lorg agat? Más dioplóma, bunchéim nó máistreacht atá de dhíth, tá ollscoileanna ar fud na tíre fós ag glacadh le hiarratais don chéad téarma eile a thosóidh i mí Mheán Fómhair.

Tá éileamh an-mhór ar fhostaithe a bhfuil cáilíocht bainte amach acu sa Ghaeilge i ngach sórt réimse oibre, más sa láithreoireacht teilifíse, sa mhúinteoireacht, nó i gcúrsaí dlí a chuireann tú suim.

Tá Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ag tairiscint an Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) arís i mbliana. Cuirtear béim láidir sa Dioplóma ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Seo cúrsa bliana ar bhonn páirtaimseartha atá oiriúnach do dhaoine atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach i múineadh na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta.

Is i gConamara a bheidh an cúrsa ar siúl i mbliana agus tá sé á thairiscint le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá an fhoirm iarratais le fáil ar líne ag http://www.nuim.ie/language/courses/cert-irish.shtml.

Cuirfear tús le cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach i gColáiste na hOllscoile i mí Mheán Fómhair 2013. Tá an cúrsa seo dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus beidh sé oiriúnach go speisialta do dhaoine sa tseirbhís phoiblí agus do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Glacann An Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháilíocht Ghaeilge don Chúrsa Iarchéime don Bhunmhúinteoireacht. Tá tuileadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ón mbróisiúr.

Más foghlaimeoir lánfhásta thú ar mhian leat BA a bhaint amach sa Ghaeilge, tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag cur cúrsa eisceachtúil ar fáil – BA sa Ghaeilge Fheidhmeach. Sásaíonn an cháilíocht seo bunchritéir na Comhairle Múinteoireachta i leith mhúineadh na Gaeilge mar ábhar ardteiste. Cuimseoidh siollabas an chláir: ceartúsáid na teanga, cúrsaí litríochta, béaloideas agus stair chultúrtha agus gnéithe den aistriúchán agus den iriseoireacht. Tuilleadh eolais: www.oegaillimh.ie/acadamh nó www.oegaillimh.ie/gaeilge.

Más mian leat díriú ar oideolaíocht agus ar theoiric an tumoideachais agus an dátheangachais tá clár M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge ar fáil ó Choláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa barr feabhais i gcáilíocht an teagaisc agus na foghlama san oideachas lán-Ghaeilge agus san oideachas Gaeltachta a chur chun cinn. Tá gach eolas ar fáil anseo http://www.gaelport.com/cursai/MOid-san-Oideachas-Lan-Ghaeilge/ nó seol ríomhphost chuig tj.oceallaigh@mic.ul.ie.

Reáchtálfaidh Europus faoi urraíocht na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, dianchúrsa oiliúna lánaimseartha ar aistriúchán cáipéisí dlí agus cáipéisí stáit eile ar an gCeathrú Rua i mí Lúnasa agus Meán Fómhair 2013.

Glacfar le céimithe a mbeidh caighdeán ard acu i nGaeilge agus i mBéarla agus le daoine a bhfuil cáilíochtaí sa dlí acu. Ní bheidh aon táille ar an gcúrsa ach ní ghlacfar ach le líon teoranta daoine. Déan teagmháil le aine@europus.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Déan cinnte súil a chaitheamh ar www.gaelport.com/cursai ina bhfuil liosta iomlán na gcúrsaí le Gaeilge in 2013 ar fáil.