Méid an Téacs

Bannaí ceoil á lorg le dul san iomaíocht beo ar RnaG

Márta 20, 2013

Beidh comórtas ‘Bruíon na mBuíon’ á reáchtáil ar chlár Rónán Beo @3 ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de Sheachtain na nÓg ar RTÉ i mí Aibreán.
Más ball de bhanna ceoil nó ceoltóir aonair thú a chasann amhráin chomhaimseartha as Gaeilge is fiú go mór dul san iomaíocht don deis fíor-luachmhar seo do chuid amhrán a chasadh beo ar an raidió!

Anuas air sin, is í duais an chomórtais ná an deis EP de cheol nua-chumtha a thaifeadadh i stiúideo Tommy McLaughlin, ball den ghrúpa Villagers, agus cuireadh seinm ag an gCabaret Craiceáilte, oíche cheoil a bhíonn á eagrú ag Rónán Mac Aodha Bhuí i nGaoth Dobhair.

Is do dhaltaí meánscoile ó cheann ceann na tíre an comórtas seo agus tá fáilte roimh bhannaí agus ceoltóirí aonair amhrán nua-chumtha a thaifeadadh agus an comhad a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist ronan@rte.ie faoi 5 Aibreán. Tá fáilte roimh iarrthóirí níos mó ná rian amháin a sheoladh isteach. Coinnigh súil ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta le haghaidh uasdátú.