Méid an Téacs

Bí páirteach i roghnú Laureate na nÓg 2012-2014 d’Éirinn

Feabhra 16, 2012

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit a bheith páirteach i roghnú Laureate na nÓg 2012-2014 d’Éirinn. Cuireadh tús leis an togra tábhachtach seo sa bhliain 2010 nuair a ceapadh Siobhán Parkinson mar Laureate.

Cuirfidh Siobhán críoch lena téarma samhlaíoch rathúil mar Laureate i mí Bhealtaine 2012. Táimid ag tabhairt cuireadh duit mar sin údar nó maisitheoir Éireannach a ainmiú mar an dara laureate. Is togra de chuid na Comhairle Ealaíon é Laureate na nÓg le tacaíocht ó Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Leabhair Pháistí Éireann agus Poetry Ireland.

Is iad seo a leanas na haidhmeanna atá leis an tionscadal tábhachtach seo:

1.    Litríocht d’ardhchaighdeán do pháistí a chur in aithne do dhaoine fásta, do pháistí agus do dhaoine óga
2.    Próifíl litríocht do pháistí in Éirinn a ardú
3.    Aird na meán ar litríocht do pháistí a mhéadú go hidirnáisiúnta in Éirinn
4.    Litríocht do pháistí a thabhairt isteach i mórshruthanna an chomhrá faoi leabhair agus litríocht in Éirinn
5.    Comhpháirtíocht agus comhoibriú a bhunú ina measc siúd atá páirteach i earnáil na litríochta do pháistí

Thar ceann an Choiste Stiúrtha, tugann CBI cuireadh duit ainmniúchán a dhéanamh don Laureate. Is ceart duit an t-ainmniúchán a bhunú ar an critéir seo a leanas:

  • Is ceart go measfar go bhfuil corpas saothair scríbhneoireachta nó maisiúcháin d’ardchaighdeán do leanaí atá aitheanta go hidirnáisiúnta ag an laureate.
  • Is ceart go measfar go bhfuil cion ar leith déanta ag an laureate ar son litríocht do leanaí in Éirinn agus tionchar dearfa a bheith acu ar léitheoirí agus ar scríbhneoirí agus ar mhaisitheoirí eile.
  • Is ceart go léireodh an laureate fonn agus scil agus iad a plé le leanaí, le daoine óga, le daoine fásta agus leis na meáin agus leis an earnáil i gcoitinne
  • Is ceart go léireodh an laureate díograis i leith litríocht do leanaí a chur chun cinn
  • Ní mór don laureate a bheith Éireannach.

Is féidir leat suas le beirt údar agus beirt mhaisitheoir a ainmniú. Cuirfidh an coiste stiúrtha gearrliosta le chéile as na daoine a ainmnítear, agus roghnóidh an coiste roghnaithe duine díobh le bheith ina Laureate na nÓg 2012-2014. Beidh ionadaithe ón gComhairle Ealaíon, Leabhair Pháistí Éireann, Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Poetry Ireland chomh maith le saineolaithe ó réimse limistéirí ábhartha. Déanfar an roghnú de réir an gcritéar sa liosta thuas. Ní mór ainmniúcháin a fháil roimh 5pm ar an 24 Feabhra 2012. Ní ghlacfar le hainmniúchán ar bith tar éis an spriocdáta sin. Fógrófar Laureate nua na nÓg i mí Bhealtaine 2012.

Tá na sonraí iomlána faoi Laureate na nÓg ar fáil ag:
http://www.childrenslaureate.ie/