Méid an Téacs

Bliain 3 den Straitéis 20 Bliain: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn

Iúil 24, 2013

D’fhógair an  tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., aréir tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le Feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge   don tréimhse 2010-2013.

Foilsíodh an Straitéis sa bhliain 2010, agus deimhníodh i gClár an Rialtais 2011 – 2016 go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis.  Naoi réimse gnímh atá i gceist sa Straitéis, agus leagtar amach inti spriocanna ar leith faoi gach aon réimse. 

Tá cáineadh déanta ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le blianta beaga anuas, toisc go raibh pobal na Gaeilge míshásta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise sin, agus cuireadh i leith na Roinne go raibh na maidí ligthe le sruth i dtaca le cur i bhfeidhm na Straitéise.  An freagra a bhí ag an Roinn ar an gcáineadh seo ná nach raibh an Straitéis ach i gcéim an bhunaidh, agus go raibh na struchtúir oibríochta á mbunú le linn an ama sin, le go bhféadfaí an Straitéis a fhorfheidhmiú mar is ceart sa chéad chéim eile.  

Agus é ag seoladh na tuarascála inné, thagair an tAire Stáit do na srianta acmhainní a bhaineann le feidhmiú na Straitéise agus dúirt “Is fíor gan amhras go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid atáthar a chaitheamh ar an Ghaeilge ón tréimhse ar foilsíodh an Straitéis in 2010”. 

Ar na buaicphointí a luaigh an tAire Stáit atá bainte amach go dtí seo luadh achtú Acht na Gaeltachta 2012, acht é seo a ritheadh trí Thithe an Oireachtais ar luas lasrach roimh bhriseadh an tsamhraidh anuraidh gan glacadh le hoiread agus leasú amháin a bhí molta, agus gan aon chomhairliúchán poiblí.  

Tagann an tuarascáil seo sna sála ar fhógairt a rinneadh coicís ó shin, nuair a fógraíodh go mbeidh athruithe móra i ndán d’earnáil dheonach na Gaeilge sa bhliain atá romhainn.  Faoi láthair tá naoi n-eagraíocht déag ag brath ar bhunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus laghdófar seo go dtí naoi n-eagraíocht roimh mhí Iúil na bliana seo chugainn, agus de réir Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge beidh suas le hocht bpost déag le cailleadh ón earnáil.  Ag am a bhfuil iarrachtaí ar bun ag an Stát chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den Straitéis, is aisteach go bhfuil an earnáil dheonach, a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail, á stróiceadh óna chéile céim ar chéim.  

Leagtar amach sa tuarascáil a foilsíodh inné an dul chun cinn foriomlán atá déanta maidir le feidhmiú na Straitéise sa tréimhse 2010-2013 agus déantar cur síos ar na pleananna forfheidhmithe atá foilsithe ag na Ranna ábhartha maidir leis an Straitéis. 

Fiú dóibh siúd atá míshásta le cur i bhfeidhm na Straitéise go dtí seo, cuirfidh siad fáilte roimh an tuarascáil seo, mar go ndéanann sé cur síos ar na gníomhartha atá le glacadh sna blianta beaga atá le teacht ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag comhlachtaí Stáit eile.  Ag breathnú ar an tuarascáil seo ar an mbealach is dearfaí, ní féidir bogadh chun tosaigh gan tuiscint ar an áit ina bhfuiltear, agus mar sin, leagann an tuarascáil seo amach dúinn céard atá bainte amach go dtí seo, agus na spriocanna atá le baint amach idir seo agus deireadh na Straitéise, agus cén dream a bheidh freagrach as na gníomhartha uile a chur i gcrích.

Is féidir an tuarascáil iomlán agus pleananna forfheidhmithe na gcomhlachtaí stáit a íoslódáil ag www.gaelport.com