Méid an Téacs

Blitz iomána / camógaíochta i nDoire do bhunscoileanna lán-Ghaeilge

Feabhra 13, 2015

Tá blitz iomána / camógaíochta eagraithe ag CLG Naomh Colm Bhaile na Scríne, Contae Dhoire ar an 8ú Márta in ionad spóirt Meadowbank i Machaire Fíolta idir 1.30- 3.30pm Domhnach a bheas ann.

Tá seo fá choinne páistí Gaelscoileanna idir rang 5-7 ón fud fad an Chúige Uladh, níl ann ach 5 ón taobh agus is féidir na cailiní agus na gasúir le bheith measctha le chéile ar son scoile nó ceantair s’acu.

Ní mór d’áit a chur in airithe le Conchúr Ó Muirí ag ( conchur73@hotmail.com ) le bheith páirteach. Beidh achan gnó déanta trí Ghaeilge agus beidh fáilte roimh chách.