Méid an Téacs

Blitz iomána/camógaíochta trí mhéan na Gaeilge i mBaile na Scríne

Feabhra 3, 2014

Tá CLG Naomh Colm, Baile na Scríne ag reáchtáil blitz iomána/camógaíochta Dé Domhnaigh 9 Márta in ionad faoi dhíon Meadowbank i Machaire Fíolta i gContae Dhoire mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. 1.00 go 3.00 a bheadh i gceist ó thaobh ama.

Páistí atá ar an bhunscoil faoi láthair (Rang 5-7 nó aois 9-11 in 2013) atá i gceist, agus bheadh na foirne measctha (i) ó thaobh foirne cothroma agus (2) ó thaobh buachaillí agus cailíní ar an fhoireann amháin má tá sé sin ag fóirstean. Dá mbeadh go leor foirne ann thiocfadh le comórtas do na páistí is sine/fisiciúla a bheith ann agus comórtas eile do na páistí níos óige nó nach bhfuil a oiread sin taithí acu ar an iomáint/chamógaíocht.

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt d’fhoirne i gceantair eile ina bhfuil bunscoileanna Gaeilge le teacht ann. Ní bheadh i gceist ach 5-6 pháiste le foireann amháin a chur le chéile, agus b’iontach an rud é foirne a fháil ón chúige ar fad le páistí le Gaeilge agus cóitseálaithe le Gaeilge a tharraingt le chéile don lá. Thiocfadh leo imirt faoi ainm an chlub nó faoi ainm na scoile, nó faoi ainm eile ar fad más fearr libh.

Cé go mbeidh buaiteoir i gceist, ní miste a áiteamh gurb í an teanga an t-aon ghné atá á thiomáint seo. Má bhíonn go leor foirne beaga ann don lá, beidh sé nó naoi bpáirc bheaga againn agus foirne ag imirt cluichí gearra 5-an-taobh ar an talamh in éadan a oiread foirne eile ar a leibhéal féin agus is féidir. Glactar leis gur i nGaeilge ar fad a bheas na himeachtaí á reáchtáil ó thaobh bainisteoirí, réiteoirí srl agus go gcuirfear in iúl do na páistí uilig gur imeacht Ghaeilge atá i gceist. Tuigeann cách cé chomh deacair is atá sé na páistí a chur ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil, agus san áit a dtéann sé i bhfeidhm go mór orthu páistí eile a chluinstin ag caint i nGaeilge thig leis dul i bhfeidhm an bealach eile má fheictear dóibh gur Béarla go príomha atá á labhairt ag a gcéilí comhraic ag imeachtaí Gaeilge.

Tá an halla ar fáil agus curtha in áirithe againn anois. Bheinn iontach buíoch dá dtiocfadh libh a chur in iúl dom an síleann sibh go mbeadh sibh ábalta foireann nó foirne a thabhairt ann.

Ní bheadh táille do na foirne chun páirt a ghlacadh chomh maith leis sin bainfear úsáid as na camáin rubair an lá ar fad agus beidh achan rud ar an talamh chun cách a choinneáil sábháilte.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil liom ag:

Conchur73@hotmail.com

Conchúr Ó Muirí

Oifigeach Cultúir,

CLG Baile na Scríne