Méid an Téacs

Boird Oideachais agus Oiliúna ag Gabháil in Ionad na CGOanna

Iúil 2, 2013

Tiocfaidh breis is €2m de choigiltí gach bliain as an leasú mór seo

Inniu d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., go mbunófar 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) nua, a ghabhfaidh in ionad na 33 CGOanna.
Adúirt an tAire Quinn: “Tá tús curtha inniu le ré nua don oideachas agus oiliúint in Éirinn. Neartóidh na BOOanna nua bainistíocht áitiúil an oideachais agus méadóidh siad an t-oideachas agus an oiliúint áitiúil. Cuid mhór é seo den chlár oibre do bhunathrú ar an tseirbhís phoiblí. Ós rud é go bhfuil an gá leis an oiliúint agus an athoiliúint níos mó anois ná mar a bhí sé riamh, is den tábhacht ar fad é cláir agus cúrsaí cuí a chur ar fáil a thugann na deiseanna is fearr do mhic léinn agus foghlaimeoirí chun dul ar aghaidh. Ní mór dúinn é seo ar fad a dhéanamh agus luach ar aigead a chur ar fáil don cháiníocóir ag an am céanna.”

Laghdóidh an leasú mór seo líon na bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin de réir líon na gcomhlachtaí agus meastar go ndéanfar coigilt de €2.1m sa bhliain dá bharr.
Réiteoidh an t-athchumrú nua an bealach do sholáthair spreagúla nua faoina ndéanfar foráil do SOLAS a chur ar bun, FÁS a dhíscaoileadh, agus feidhmeanna oiliúna a aistriú go dtí na BOOanna nuachruthaithe. Achtófar ina dhlí an mhí seo an Bille um Breisoideachas agus Oiliúint 2013 chun foráil a dhéanamh do SOLAS a bhunú. Tá sé beartaithe SOLAS a bhunú go foirmeálta roimh dheireadh na bliana seo.

Mar chuid den athrú, beidh Boird Oideachais agus Oiliúna, Éire (BOOÉ) mar mhalairt ainme ar an gCumann Gairmoideachais in Éirinn. Is é BOOÉ a bheidh mar ionadaí ag na Boird Oideachais agus Oiliúna agus a chuirfidh a leasa chun cinn.

“Is mian liom na páirtithe leasmhara go léir a mholadh – foireann, comhairleoirí, bainisteoirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus mic léinn – a bheidh ról acu chun a chinntiú go n-éiríonn leis na Boird Oideachais agus Oiliúna,” adúirt an tAire Quinn.

www.education.ie