Méid an Téacs

Bronntar bua uile-Éireann Dráma ar ‘Sheampaíní’ Ghaelscoil na gCrann

Aibreán 17, 2014

Téann Gaelscoil na gCrann, bunscoil lán Gaeilge ar an Ómaigh, ar aghaidh ó neart go neart agus a clú feabhais á fhorbairt aici i gcónaí nuair a bronnadh ‘Seaimpíní Iomlán Uile-Éireann’ orthu i mBabhtaí Ceannais Náisiúnta den ‘Chumann Scoildrámaíochta’ sa Mhuileann Cearr an tseachtain seo. Bhí 44 scoileanna, idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna, as gach aon cheantar in Éirinn páirteach sa chomórtas ardcháiliúil seo. Is í seo an chéad uair a bhain scoil as na Sé Chontae an comórtas clúiteach ó cuireadh ar bun é.

Bhí an dráma s’acu den ainm “Istigh i mo chroí ‘tá neart” scríofa agus léirithe ag Leas-phríomhoide na scoile Risteard Mac Daibhéid. Léirítear díshealbhú in Éirinn i ndiaidh an Ghorta Mhóir ann agus an dóigh a dtéann sé i bhfeidhm ar theaghlaigh agus ar an phobal ar fad leis.

Is amhlaidh a bhí áthas an domhain ar an Phríomhoide Deirdre Uí Cheallaigh, a bhí mar chomhordaitheoir ceoil ar an dráma. Chuir sí síos go cruinn ar an atmaisféar sceitimíneach sa scoil: ‘Is rud iontach ar fad é gur bhain Gaelscoil na gCrann ceann de na duaiseanna is mó le rá i ndrámaíocht na scoileanna Éireannacha. Ní amháin gur mhór an onóir dúinn í a bheith inár n-ionadaithe ar son Thír Eoghain agus Chúige Uladh i mbabhta ceannais Uile-Éireann ach is pribhléid ollmhór í atá dochreidte agus millteanach maith ar fad é gur bronnadh seampainí Uile Éireann orainne. Caithfimid an-bhuíochas ar fad a thabhairt do na páistí as a gcuid dianoibre uilig, a dtiomáint agus a ndualgas agus is duais chuí í an rath seo dóibh.

Má bhreathnaítear ar thús simplí ár scoile a bunaíodh 8 mbliana ó shin agus 6 daltaí ag freastal uirthi is ea is féidir le Gaelscoil na gCrann a bheith an-bhrodúil as an ghnóthachtáil ollmhór seo.’ Chríochnaigh sí le buíochas mór a thabhairt do Risteard, do Bhrian Mac Daibhéid stiúrthóir ceoil na scoile agus don chóiréagrafaí Alison McElhatton.

Rachaidh na páistí go Páirc an Chrócaigh i mí na Bealtaine go mbronnfar a gcuid gradaim orthu.

www.comhairle.org

GS na gCrann