Méid an Téacs

Bua na cainte ag Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2014!

Feabhra 3, 2014

Tá an-údar cheiliúrtha ag óráidithe óga ón Cheathrú Rua agus ó Dhún Dealgan, tar éis a mbua ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2014 ! Is ar an Déardaoin seo caite, 30 Eanáir 2014, sa Téatar Poiblí/Halla Scrúdaithe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a reáchtáladh an ócáid ghradamúil seo, le tacaíocht ó Oifig Gaeilge an choláiste. Comórtas é seo a bhíonn ina spreagadh mór ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus is cuid lárnach den oideachas in Éirinn é le breis is caoga bliain anuas. Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.

Is é an rún a bhí á phlé sa chraobh shóisearach ná ‘Tá deireadh le ‘comhar na gcomharsan’ in Éirinn!’ Labhair foirne ó Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí agus ó Cholaiste Eoin, Baile Átha Cliath, ar son an rúin, agus is foirne ó Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall agus ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe a bhí mar lucht fhreasúra acu. Bhí an-eolas ag na cainteoirí óga ar an ábhar, agus bhíodar uilig cumasach ag cur a gcuid argóintí os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair ! Cúigear moltóir a bhí ar an bpainéal – Liam Mac a’Mhaoir, Colm Mac Lochlainn, Mícheál Ó Fathaigh, Caitríona Ní Bhaoill and Aingeal Ní Chonghaola – iarchainteoirí sa chomórtas a bhformhór. Bhí caighdeán chomh hard díospóireachta ann gur thóg sé tamall orthu teacht ar a mbreith. Bhí ríméad ar lucht tacaíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, agus ach go háirithe ar a múinteoir bródúil, Máirín Ní Dhomhnaill, nuair a fógraíodh gurb acu a bhí an bua ! Is iad baill na foirne ná Mary Ellen Ní Fhatharta (captaen ), Clíona Ní Laoi agus Laila Ní Fhatharta. Éacht eile é seo don scoil, a bhfuil traidisiún láidir díospóireachta inti, mar gur thug foireann ón scoil an craobh shinsearach leo anuraidh ! .

I gcraobh na sinsear, bhí díospóireacht bhreá bhríomhar idir na cainteoirí arís ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath, mar aon le foirne ó Choláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe agus Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú. ‘Tá géarghá le páirtí nua polaitíochta i bPoblacht na hÉireann!’ an t-ábhar a bhí á scagadh ag na foirne, agus ba léir go raibh an-ullmhú déanta acu ar fad, le treoir mhaith óna gcuid múinteoirí. An t-am seo, is iad foireann Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú, na deartháireacha Mícheál agus Neasán Mac Suibhne, mar aon le Bearnard Ó Thoirealaigh ) a roghnaíodh mar bhuaiteoirí, agus bhí seacht gcroí orthu agus iad ag ardú an choirn ! Ba é Seán Ó Coigligh an múinteoir a stiúraigh an foireann tríd bhabhtaí uilig an chomórtais i mbliana.

Is í an tIar- Aire Rialtais, Mary Hanafin, a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid, agus mhol sí na rannpháirtithe óga as bua na cainte a bheith acu uilig ! Agus í ag léiriú spéise ach go háirithe i dtuairimí na bhfoirne shinsearacha faoi páirtí nua polaitíochta a bheith de dhíth, dúirt Mary Hanafin nach raibh a hintinn déanta suas aici bealach amháin nó eile fós. Spreag sí na daoine óga le páirt a ghlacadh sa pholaitíocht, agus mhol sí go láidir dóibh, dá mbeidís ag iarraidh tionchar a imirt amach anseo, dul isteach i bpáirtí éigin, seachas fanacht neamhspleách.

Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh. Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, leis na duaiseoirí agus dúirt: “Bíonn tionchar fadsaoil ag na díospóireachtaí ar dhaltaí agus is minic a a théann iar-bhuaiteoirí chun cinn sa saol poiblí. Táimid buíoch de na múinteoirí a thug deis do na mílte daltaí páirt a ghlacadh iontu in imeacht na mblianta”. Mar chuid den duais i Roinn na Sóisear freisin, tugadh cuireadh do na curaidh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’. Féile cainte is ea ‘Ri Chéile’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba, le maoiniú ón eagras Colmcille. Tionólfar féile ‘Rí Chéile 2014’ in Albain san fhómhar.

Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie nó
Jamie Ó Tuama 01:6753308/jamieot@gael-linn.ie