Méid an Téacs

BunGhaeilge ar fáil mar aip d’fhóin chliste

Bealtaine 14, 2013

Seolfaidh Forbairt Naíonraí Teoranta aip nua bunaithe ar leabhar frásaí, ‘BunGhaeilge’ ar an gCéadaoin seo, 15 Bealtaine 2013.

Tá an aip seo á forbairt ag FNT le bliain anuas agus is éard atá i gceist ag an eagraíocht a thacaíonn leis an oideachas trí Ghaeilge ná acmhainn iontaofa a chur ar fáil do theaghlaigh ar bheagán Gaeilge nó ar mhian leo cúpla focal a úsáid go rialta ina gcuid gníomhaíochtaí laethúla.

Tá na frásaí roinnte i rannóga éagsúla m.sh. ‘Ar Maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa Siopa’, ‘Sa Ghairdín’, mar atá leagtha amach sa leabhar frásaí ar a bhfuil sé bunaithe, ‘BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí’.

Cuireann an aip ar chumas an fhoghlaimeora éisteacht le foghraíocht na bhfrásaí agus athrá a dhéanamh orthu os ard. Mar sin, ní do theaghlaigh amháin an áis seo ach d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge chomh maith. Is é an leagan caighdeánach den aip a sheolfar ar dtús ach eiseofar leaganacha le mór chanúintí na Gaeilge amach anseo, gné a chuideoidh go mór le foghraíocht an fhoghlaimeora.

Seasann forbairt na haipe seo mar chéim mhór i dtaobh úsáid na teicneolaíochta i gcur chun cinn na Gaeilge agus táthar ag súil go gcuideoidh an áis le teaghlaigh ar fud an domhain agus iad ag múineadh na teanga don chead ghlúin eile.

Beidh BunGhaeilge ar fáil le híoslódáil saor in aisce ar gach fón cliste, ón siopa Android ón 15 Bealtaine, agus ó shiopa Apple faoi thús na míosa seo chugainn.

Foilsithe ar Gaelport.com