Méid an Téacs

CAIGHDEÁN THAR CUIMSE AG CRAOBHCHOMÓRTAS SCLÉIP GAEL LINN 2017!

Feabhra 3, 2017

Bhí caighdeán thar cuimse ag craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2017 a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 2 Feabhra 2017.

Comórtas talainne í Scléip, ina gcuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha, agus atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Chruinnigh scoláirí ó Dhún na nGall go dtí  Daingean Uí Chúis, mar aon lena gcuid múinteoirí agus a gcuid tuismitheoirí, in amharclann ‘Clasach’, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, do bhuaicphointe seo an chomórtais. Bhí na hiomaitheoirí uilig – suas le 300 acu – tar éis cáiliú roimhré trí réamhbhabhtaí réigiúnach, ag a bhfuaireadar comhairle ó mholtóirí aitheanta sna réimsí éagsúla.

Ba iad Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, agus Niamh Ní Chróinín, Raidió Rí Rá,  a chur an seó i láthair go paiseanta i rith an lae. Ar dtús, bhí  taispeántais den scoth sna comórtais don Rince Cruthaitheach  ( Aonair agus Grúpaí) ó scoláirí Choláiste an Eachréidh, Baile Loch Riach, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh, Coláiste Oiriall, Muineachán, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis,  Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh.  Ina dhiaidh sin, bhí an comórtas Sceitse Nuachumtha, le léirithe ó aisteoirí óga an Eachréidh, Scoil Chaitríona, Glas Naíon, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí agus Pobalscoil Chloich Cheanna Fhaola, An Fálcarrach. Ba léir  ansin gur bhain rinceoirí, amhránaithe agus ceoltóirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Meánscoil San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Scoil Chaitríona, Glas Naíon, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór agus Coláiste Pobail Osraí, sult as a bheith ar stáitse sna comórtais Slua-Amhránaíochta ansin.  Mhol na moltóirí Máire Uí Mhurchú,  Sile Ní Dhuibhne agus Enda Reilly an tsiamsaíocht uilig go hard!

I ndiaidh am lóin, bhí na comórtais don Ceol Aonair Comhairseartha ann, mar aon leis na comórtais Amhránaíochta le Féintionlacan, do dhaoine aonaracha agus do ghrúpaí.  Arís, bhí togha na tallainne ar ardán, agus scoláirí ó Choláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair agus Coláiste Pobail Ráth Chairn i measc na rannpháirtithe. Caithfear a rá go raibh an lucht féachana ag racáil nuair a chuaigh na bannaí ceoil ar stáitse ag deireadh an lae !  Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin agus Caitlín Ní Chonghaile, Foras na Gaeilge, leis na rannpháirtithe uilig.

Thug na  moltóirí  Edel Ní Churraoin, Pádraig Ó Conghaile ( aka MC Muipéad ) agus Enda Reilly, mar aon le Méabh Ní Thuathaláin, léirmheasanna dearfacha faoi na míreanna éagsúla agus mholadar na ceoltóirí agus amhránaithe óga as caighdeán thar cuimse a bhaint amach.  Bhí cinntí deacra le déanamh acu ansin agus buaiteoirí le roghnú i ngach comórtas. Anuas air sin, bhí duais ann don dara háit ins na rannóga ina raibh cúig iomaitheoir nó níos mó. Is iad seo a leanas na duaiseoirí ar fad:

Rince Cruthaitheach Aonair ( Sóisear): Chloe Ní Dhonnghaile, Gaelcholáiste Chill Dara, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara

Rince Cruthaitheach Aonair ( Sinsear ): Clodagh Ní Shúilleabháin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sóisear ): Grúpa CDH, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sinsear ): Idirbhliain an Eachréidh, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe

Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ): ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ): ‘Conraitheoirí Uí Ghallachóir Teo’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach, Co. Dhún na nGall

Slua-Amhranaíocht ( Sóisear ): ‘Glór na nÓg’, Meánscoil San Nioclás, Rinn ó gCuanach, Co. Phort Láirge

Slua-Amhranaíocht ( Sinsear ): ‘CPO 5 & 6’, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ): Ben Mac Eoin, Pobalscoil Chorca Dhuine, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ): Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan ( Sóisear ):
An chéad áit – Aoibhinn Ní Dheagha, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

An dara háit – Caitlín Ní Nualláin, Coláiste de hIde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath

Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha le féintionlacan ( Sinsear ) :
An chéad áit + GRADAM CHEOIL NÓS 2017 – Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

An dara háit – Affia Ní Fhaoláin, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath

Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan ( Sóisear ):

An chéad áit:  ‘Cailíní Binne’, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman

An dara háit: ‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Grúpa Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan ( Sinsear ):

An chéad áit + GRADAM SCLÉIP 2017 – ‘Smugairle Róin’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí

An dara háit:  ‘Cinniúint’, Coláiste Oiriall, Muineachán

Bronnadh duaiseanna a bhí deartha go speisialta don ócáid ag an seodóir Neil Conway orthu uilig.

Bhí Gradam Scléip 2017 le bronnadh leis ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheas amach ó na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta. Bhí na moltóirí ar aon fhocal go raibh an duais seo tuillte go mór ag an ngrúpa ‘Smugairle Róin’, ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí.  Bhí  sceitimíní ar na réalta óga glacadh leis an ngradam speisialta seo.  Don chéad uair chomh maith, bronnadh duais Gradam Cheoil Nós don amhrán nua-chumtha ab fhearr sna comórtais amhránaíochta, canta ag duine aonair nó ag grúpa.  Bhí lúchair ar Sonny Ní Chathasaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, an t-aitheantas seo a fháil as a saothar !   Mar chuid den duais freisin i mbliana déanadh taifeadadh ar na buaiteoirí uilig sna comórtais amhránaíochta agus beidh deis ag lucht éisteachta raidió deis iad a chloisteáil ar leithéidí Raidió Fáilte, Raidió Rí Rá, Raidió na Life agus Nós amach anseo.

Thar ceann Gael Linn, ghabh Seán Ó Ceallaigh buíochas leis na múinteoirí a spreag na daltaí le bheith páirteach sa chomórtas. ‘Tá Gael Linn an-sásta leis an líon scoileanna Gaeltachta agus an líon Gaelcholáistí a ghlac páirt i mbliana. Bíonn an claonadh ann i gcónaí an ceol agus an rince thraidisiúnta a lua leis na scoileanna sin ach léiríonn Scléip go bhfuil neart ceoltóirí agus rinceoirí comhaimseartha iontu freisin. Tá sé go hiontach go bhfuilimd ábalta ardán a thabhairt dóibh’, a dúirt sé.

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie