Méid an Téacs

Camchuairt 2011 de Bhuntáiste Breise na Gaeilge

Meán Fómhair 21, 2011

Tugtar cuireadh do scoileanna i gceantair Liatroma, Mhuineacháin, Luimnigh agus Phort Láirge chuig seimineáir ar an nGaeilge agus gairmeacha a bheidh á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go luath.

Agus rang na hArdteiste 2011 ag tosú ar a gcuid cúrsaí ollscoile go luath, tá sé tráthúil go bhfuil dátaí an tseimineáir gairmeacha agus cúrsaí ollscoile, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ fógartha. Tabharfar deis do dhaltaí scoile ó na ranganna sinsearacha san iar-bhunscoil páirt a ghlacadh san imeacht oideachasúil seo in ionaid éagsúla timpeall na tíre.

Reáchtálfar seimineáir i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma  an 11 Deireadh Fómhair agus Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin an 12 Deireadh Fómhair 2011.  An 22 Samhain reáchtálfar seimineár i gCathair Luimnigh, agus an 23 Samhain, tiocfaidh camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge chomh fada le Co. Phort Láirge.

Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag An Chomhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i gCeatharlach, i mBéal Feirste, i Leitir Ceanainn agus ar An Tulach Mhór.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí,  rud a spreagann díospóireacht spleodrach ar thodhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, nó tacaíocht an Rialtais don teanga.

Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a roinnt ar na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Beidh fáilte roimh dhaltaí agus scoileanna ó na ceantair máguaird freastal ar an dá sheimineár.

Tuilleadh eolais: http://www.gaelport.com/bbnag