Méid an Téacs

Camchuairt ‘Tóraíocht’ – drámaí Fíbín i nGaillimh, Corcaigh, BÁC & Ceatharlach

Eanáir 24, 2018

Camchuairt ‘Tóraíocht’ – Aibreán 2018

Tá an comhlacht drámaíochta Fíbín in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana agus muid ag tabhairt an dráma ‘Tóraíocht’ amach ar camchuairt náisiúnta i mí Aibreán mar chuid de chlár na bliana. Léireofar an dráma i nGaillimh, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Seo leagan nua den scéal ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne’, an prós roghnach ar churaclam na hArdteistiméireachta.

Leagan nua de cheann de mhórscéalta na Fiannaíochta atá anseo curtha in oiriúint agus stiúrtha ag Mikel Murfi agus scríofa ag Philip Doherty. Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é ‘Tóraíocht’ a úsáideann amharcíomhánna cumhachtacha. Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna! Tá fotheidil Bhéarla le gach léiriú.

Beidh pacáiste réamh-rannpháirtíochta ag dul amach ag na scoileanna uile a chuireann ticéid in áirithe chun go mbainfidh daltaí oiread taitnimh agus is féidir as an seó. Beidh cur síos anseo ar theicnící amharclannaíochta, soilsiú, dearadh seit srl.

Léiriú thar a bheith fisiciúil é “Tóraíocht” le hathruithe sciobtha, fearais ollmhóra, maisc agus damhsa aeróige álainn a bhainfeadh an anáil díot. Tá seisear aisteoirí sa chliar a léiríonn breis agus tríocha carachtar le linn an dráma, Gráinne Bleasdale, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Fionnuala Gygax, Méabh Ní Chualáin, agus Seán T. Ó Meallaigh. Tá neart grinn sa chaint agus le linn an dráma, le radharc an-bheoga, mothúchánach ag an deireadh.

Is annamh a fhaigheann comhlacht Gaeltachta an deis dul ar camchuairt náisiúnta agus tá muid ar bís go bhfuair Fíbín tacaíocht ón gComhairle Ealaíon i mbliana.

DÁTAÍ agus IONAID:

Town Hall Theatre, Gaillimh

Dé Luain 9ú Aibreán, 8i.n

Dé Máirt 10ú Aibreán, 1i.n & 8i.n

Everyman, Corcaigh

Dé hAoine 13ú Aibreán, 1i.n & 8i.n

Draíocht, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath

Dé Máirt 17ú Aibreán, 8i.n

Dé Céadaoin 18ú Aibreán, 11r.n

Visual Carlow

Déardaoin 26ú Aibreán, 12:30i.n & 8i.n

Tá ticéid ar fáil anois ó gach amharclann agus praghas speisialta ar thicéid do ghrúpaí scoile. Cuir bhur dticéid in áirithe anseo. Tá léirithe speisialta le linn am scoile i ngach ionad chun freastal ar ghrúpaí scoile. Tá an seó feiliúnach do dhaltaí 12 bliain d’aois ar aghaidh!