Méid an Téacs

Campa Samhraidh Gaeilge i gCo. an Chabháin

Meitheamh 1, 2011

An samhradh seo tá campa samhraidh Gaeilge á reáchtáil idir 11 agus 15 Iúil ag Glór Bhréifne chun freastal ar dhaoine óga.

Is grúpa Gaeilge Glór Bhréifne a thacaíonn le pobal na Gaeilge i gcontae an Chabháin trí imeachtaí sóisialta a eagrú agus foghlaimeoirí óga na Gaeilge a thacú le scoláireachtaí Gaeltachta.

Cuidíonn siad fosta le daoine fásta le freastal ar chúrsaí Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall. Gach bliain déantar bailiúchán airgid ar lá ‘le Pádraig sa Chabhán ar son na teanga, agus is ó chuid den airgead sin, mar aon le cuidiú ó Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge a thagann na scoláireachtaí.

Má tá suim agat cur isteach ar scoláireacht is féidir dul i dteagmháil le Glór Bhréifne ar 087 6401682.

Beidh béim ar an Ghaeilge labhartha tríd an ealaín agus gníomhaíochtaí eile le linn an chúrsa agus tá rátaí teaghlaigh ar fáil má bhíonn níos mó ná páiste amháin ag iarraidh freastal ar an chúrsa.

Tá tuilleadh eolais ar fáil  ó (049) 4371530 nó http://forum.cavancommunity.ie/Glorbhreifne chun foirm iarratais a íoslódáil.