Méid an Téacs

Ceiliúradh 30 Bliain Ghaelscoil Osraí le ceolchoirm an-speisialta

Feabhra 16, 2015

Tá ceolchoirm an-speisialta á n-eagrú ag Gaelscoil Osraí ar an 20ú Feabhra mar chuid de cheiliúradh 30 bliain na scoile.

Tá cuid de na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr sa tír le bheith leo ar an oíche, ina measc Múinteoir Iarla, Steve Cooney agus cairde, Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers, Na Casadaigh, Seo Linn agus iar-mhúinteoir na scoile agus buaiteoir Chorn Uí Riada don amhránaí sean-nóis is fearr sa tír i mbliana, Nell Ní Chróinín. Chomh maith le sin, beidh Réalta na Gaelscoile, grúpa d’iar-scoláirí le adoine cosúil le Múinteoir Fiona, Colm Ó Caoimh agus daoine eile ag seinnt ar an oíche.

Tá na ticéidí ar fáil anois ar €20 an cheann ó oifig na scoile agus ó Rollercoaster Records ar Sráid Chiaráin. Tá na sonruithe ar Facebook chomh maith agus bheimís buíoch dá scaipfeadh sibh an fhocal le bhur dtoil. https://www.facebook.com/events/659742887478004/?ref_dashboard_filter=upcoming