Méid an Téacs

Ceiliúradh na nGaelscoileanna

Meitheamh 10, 2015

Ba mhó ná sásta a bhí Comhairle na Gaelscolaíochta agus iad i láthair nuair a rinne John O’Dowd comhghairdeas le scoileanna ag ‘barr an ranga’.

Scoil na Fuiseoige agus Naíscoil an Iúir a bhí i measc na scoileanna ar fud an tuaiscirt a ghnóthaigh iontach maith nó barr feabhais amach i dtuairiscí cigireachta ón Chigireacht Oideachais agus Oiliúna agus bronnadh teastais orthu ag imeacht ar an Chéadaoin 3ú Meitheamh ag Cnoc an Anfa leis an éacht a cheiliúradh.

Ag caint ag an imeacht, dúirt an tAire O’Dowd: “Aithníonn an ócáid seo inniu ar bhealach, an tsárobair atá á déanamh i scoileanna lá i ndiaidh lae le go n-éireoidh lenár ndaoine óga sna scoileanna, ina n-áit oibre agus iad ag dul chun cinn ina saol. Níor chóir dúinn riamh ról na scoileanna a mheas faoina luach agus inniu tugaim buíochas do na gobharnóirí, príomhoidí, múinteoirí, cúntóirí, tuismitheoirí agus do phobal mór na scoileanna as a gcuid obair mhór, a ngairmiúlacht agus a dtiomantas.

www.comhairle.org