Méid an Téacs

Ceiliúradh speisialta i nGaelscoil Longfoirt

Feabhra 12, 2014

Cúis mhór áthais agus bróid do Ghaelscoil Longfoirt cúig bhliain déag ar an bhfód a cheiliúradh leis an aoi speisialta,Seán-Óg Ó hAilpín. Ocáid den scoth a bhí ann Dé hAoine seo caite, 7 Feabhra le pobal uile na scoile. Thosaigh Gaelscoil Longfoirt le 20 scoláire i 1998 agus leis an bhfás agus forbairt le cúig bhliain déag tá 210 páiste ag treabhadh an ghoirt i nGaelscoil Longfoirt agus ag baint amach ardchaighdéan oideachais.

D’eagraigh Gaelscoileanna Teo. cruinniú poiblí cúig bhliain déag ó shin chun iarracht a dhéanamh na féidearthachtaí a bhain le bunú gaelscoile a fhiosrú. Cuireadh tús le feachtas tiomsaithe airgid agus feachtas ardú feasachta chun díriú ar dhaoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí. Bunaíodh coiste bunaithe agus osclaíodh an chéad ghaelscoil i Longfort i Méan Fómhair na bliana sin! Ainmníodh Bord Bainistíochta agus roghnaíodh An Foras Pátrúnachta mar phátrún na scoile. Tá an scoil tar éis dul ó neart go neart ó céad osclaíodh í i Rae an Chalaidh nuair a thosaigh 20 Naíonáin Bheaga i nGaelscoil Longfoirt.

Ag labhairt dí ag an ocáid dúirt Yvonne Ní Mhurchú, Príomhoide Ghaelscoil Longfoirt: “Cuireann sé an-áthas orm mar Phríomhoide an dul chun cinn atá déanta ag an scoil a cheiliúradh. Gabhaim buíochas ó chroí leis na tuismitheoirí, leis an mbord bainistíochta, leis na múinteoirí, leis na daltaí agus le pobal uile na scoile as a ndíograis agus a dtacaíocht i gcónaí. Aithnímid chomh maith Cairde na Scoile (Cumann na dTuismitheoirí) a thacaigh le Gaelscoil Longfoirt ón gcéad lá agus a thugann tacaíocht leanúnach dúinn. Cabhraíonn a n-iarrachtaí tiomsaithe airgid agus tacaíocht le dul chun cinn na scoile. Is mór againn chomh maith tacaíocht agus díograis leanúnach an Bhoird Bainistíochta faoi stiúir Phádraig Ó Céileachair”.

De bharr fás agus forbairt Ghaelscoil Longfoirt bhí suíomh úr de dhíth agus i Deireadh Fómhair na bliana 2005 bhog an scoil go dtí suíomh nua. Táimid suite anois in aice le Cumann Lúthchléas Gael Flipeadóirí Longfoirt. Tá úsáid áiseanna an CLG againn agus gabhaimid buíochas ó chroí le Cumann Flipeadóirí Longfoirt agus le Irene agus a foireann FÁS a chuidíonn go rialta linn.

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD i 2012 go mbeidh Gaelscoil Longfoirt mar chuid de thionscnaimh tógála scoile úr. Tá an Bord Bainistíochta i gcomhar leis an gComhairle Contae agus An Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair go dian dícheallach chun an fógra sin a fhíorú.

Rinneadh ceiliúradh ar éachtaí agus imeachtaí seach-churaclaim Ghaelscoil Longfoirt le linn na hocáide ina n-áirítear Feadóg Stáin, Snámh, Ríomhairí, Cispheil, Peil agus Iománaíocht. Gabhadh buíochas ó chroí le Cumann Naomh Uinseann de Pól as a n-iarrachtaí leis an gClub Bricfeasta. Déanadh comhghairdeas le Gaelscoil Longfoirt as gnóthú an dá Bhrat Glas ag An Taisce.

Mar chuid den cheiliúradh, sheol Seán-Óg suíomh idirlín úr Ghaelscoil Longfoirt (www.gaelscoillongfoirt.ie) agus an Leathanach Facebook. Tá an suíomh nua lán le heolas do thuismitheoirí agus naisc eagsúla dóibh chomh maith. Cuireadh crann i nGairdín na Scoile chun an ocáid a cheiliúradh agus gearradh cáca ceiliúrtha mar chuid d’imeachtaí an lae. Bhain gach duine idir óg agus aosta an-taitneamh as soláistí i gClub Flipeadóirí Longfoirt ina dhiaidh. Míle comhghairdeas le pobal uile na scoile agus go mbeirmid beo ar an am seo arís!

Chun tuilleadh sonraí a fháil nó chin agallamh a shocrú dean teagmháil le do thoil le:

Yvonne Ní Mhurchú,
087-2642665
yvonnenimhurchu@gmail.com
www.gaelscoillongfoirt.ie