Méid an Téacs

Cinneadh faoi Thodhchaí na nEagras le fógairt san athbhliain

Nollaig 13, 2012

Ní léir fós cad atá i ndán do na 19 n-eagraíocht Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge ó shocraigh Airí ón dá dlínse thuaidh agus theas an cinneadh a chur ar athló go dtí 2013.

Bhuail an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan TD agus Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín MLA (ar chlé) agus leis an Aire Sóisearach Jonathan Bell MLA ag cruinniú d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha inné,12 Nollaig.

Bhí togra Fhoras na Gaeilge maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais bhunmhaoinithe le plé ag na hAirí agus bhí an tuairim ann go forleathan go mbeadh sé faofa ag an gComhairle Aireachta inné.

Tugtar le fios sa ráiteas a eisíodh tar éis an chruinnithe áfach nach ndéanfar plé ar an struchtúr úr maoinithe go dtí céad chruinniú eile na Comhairle san earrach.

Ba í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a thug an treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge sa bhliain 2009.

Ach ní raibh glacadh ró-mhaith leis an tsamhail úr mhaoinithe a bheartaigh Foras na Gaeilge agus bhí an tsamhail sin caite sna traipisí níos túisce i mbliana.

Ó shin i leith bhí an Foras ag obair ar thogra eile ach ní raibh aon cháipéisíocht faoin struchtúr úr maoinithe sin feicthe ag na heagrais roimh chruinniú an lae inné.

Ar na heagraíochtaí atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge tá: Altram, An tÁisaonad, An tOireachtas, Glór na nGael, Cumann na bhFiann, Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Forbairt Naíonraí Teoranta, Forbairt Feirste, Gael Linn, Gaelscoileanna Teo, Iontaobhas Ultach, Pobal, Raidió Fáilte agus Raidió na Life.

Tá maoiniú eatramhach ceadaithe ag na heagrais go dtí mí an Mheithimh 2013.

Foilsithe ar Gaelport.com