Méid an Téacs

Clár na comhdhála ar litríocht na nÓg fógartha

Feabhra 23, 2012

Tabharfaidh an foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin eochairchaint na comhdhála ag an dara comhdháil ar litríocht na nÓg i Mí an Mhárta.

Tá clár leathan d’imeachtaí agus léachtaí fógartha don chomhdháil a bheidh ar siúl i gColáiste Phádraig, Droim Conrach thar dhá lá ar 23 agus 24 Márta.

Ar na téamaí a bheidh faoi chaibidil ag lucht léinn, lucht foilsitheoireachta agus ag scríbhneoirí  Dé hAoine beidh litearthacht agus litríocht na Naíonáin agus an leanbh sa Seansaol Gaelach.

Tráthnóna dé hAoine beidh pléifear éagsúlacht litríocht na n-óg  agus beidh gach aon rud idir mhiotaseolaíocht agus theicneolaíocht á bplé ag na haoichainteoirí  Órla Ní Chuilleanáin, Iarla Mac Aodha Bhuí  agus ag Meadhbh Ní Eadhra.
Ina dhiaidh sin labhróidh Mac Dhonnagáin ar an téama An Pocaide Gabhair i Lár an Aonaigh: Foilsitheoireacht Ghaeilge don óige mar ghníomh idé-eolaíoch agus mar ghníomh fiontraíochta’.

Dé Sathairn 24 Márta beidh bricfeasta liteartha eagraithe ag Comhar ag 10 rn le Laoise Ní Chléirigh, Seán Ó Dubhchon, Órla Ní Chuilleanáin agus Ríona Nic Congáil.

Agus táthar ag súil le díospóireacht bhríomhar ag an gcúigiú sheisiún ina mbeidh Éadaoin Ní Mhuircheartaigh ina cathaoirleach ann. Labhróidh Áine Ní Ghlinn,  Claire Marie Dunne  Colm Mac Séalaigh ar ghnéithe de chultúr na nÓg, filíocht agus litríocht na Gaeilge agus í á chur in i láthair an aosa óig.

Beidh dhá aoi-chaint ann Dé Sathairn leis an scríbhneoir cáiliúil, Eilís Ní Dhuibhne  agus le hAndrew Whitson a bheidh ag plé léaráidí sa ré dhigiteach.