Méid an Téacs

Clubanna Óige Feachtas

Nollaig 3, 2015

Eagraíonn Feachtas clubanna óige trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga. Tá sé mar aidhm acu seo an féinriar agus an fhorbairt phearsanta a chur chun cinn i measc bhaill na gclubanna. Tá Feachtas i gcónaí ag lorg ball agus ceannairí nua! Más spéis leat a bheith páirteach i gClub Óige Feachtas, féach anseo.

Bíonn Club Óige Feachtas, Tamhlacht ar siúl gach Luan in Ionad John Bosco, Droimneach ó 6.30-8i.n.

Bíonn Club Óige Feachtas, Baile Brigín ar siúl gach Máirt i Halla Spóirt Ghaelscoil Bhaile Brigín ó 6.30-8 i.n.

 An bhfuil spéis agat club óige a thosú i do cheantar féin?

Is féidir le Feachtas tacaíocht a thabhairt duit agus an próiséas a éascú! Cabhraíonn siad le:

  • poiblíocht
  • earcaíocht
  • dea-chleachtas        
  • árachas
  • traenáil
  • bunú an chlub  &  go leor eile.

 Más spéis leat club a thosú i do cheantar áitiúil, faigh tuilleadh eolais anseo!