Cluineann Teachtaí Dála agus Feisirí Pairliminte an t-éileamh ar Acht na Gaeilge sa Tuaisceart
Feabhra 25, 2014
Bhí toscaireacht de Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus Feisirí Pairliminte i nDoire inné chun bualadh le gníomhaithe Gaeilge i gCultúrlann Uí Chanáin mar ar chuala siad éileamh go gcomhlíonann Rialtas na Breataine a ghealltanas Acht na Gaeilge a thabhairt isteach chun cearta phobal na Gaeilge sa tuaisceart a chaomhnú agus a chosaint.
Ag tabhairt aithisc do chomhaltaí An Chomhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta, dúirt Priomhfheidhmeannach na Cultúrlainne, Gearóid Ó hEára go raibh an staid reatha éagórach agus leatromach agus ní thabharfaí faoi i gceart ach trí reachtaíocht.
Dúirt an tUas Ó hEára, “Rinne Rialtas na Breataine gealltanas i gComhaontú an Chéasta gníomh diongbháilte a ghlacadh chun an teanga a chur chun cinn, ina dhiaidh shínigh siad an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, agus d’aontaigh ag Cill Rímhinn Acht na Gaeilge a thabhairt in reachtaíocht.
“Léiríonn an 4ú Tuairisc de Choiste na Saineolaithe ar an Chairt Eorpach go soiléir go bhfuil teipthe glan ar Rialtas na Breataine a dhualgais idirnáisiúnta maidir leis an Ghaeilge a chomhlíonadh. Is trí reachtaíocht amháin a bheidh cosaint dhlíthiúil ag pobal na Gaeilge. Ba cheart don ChomhChoiste brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir leis an cheist thábhachtach seo.”
Mhol an tUas Ó hEára fosta gur chóir don ChomhChoiste dul i ngleic le haondachtas maidir lena mbuairimhse i leith na Gaeilge.