Méid an Téacs

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta & CAER

Feabhra 26, 2018

Fógraíonn Comhairle na Gaelscolaíochta, an forás ionadaíochta ar son na gaelscolaíochta agus CAER, (Cumann Oideachais na Réigiún Eorpach), a chuireann chun cinn agus a fhorbraíonn oideachas trí theangacha neamhfhorleathana, go mbeidh Comhdháil chomhpháirteach ar siúl ar an 15ú Márta 2018 i gColáiste Ollscoile Naomh Muire & ar an 16ú Márta 2018 i gColáiste Feirste, Béal Feirste.

Is í ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann í, a mheallfaidh toscairí as Gaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge eile, idir chultúrtha agus oideachasúla agus i mbliana agus anois le comhpháirtíocht CAER, beidh cainteoirí idirnáisiúnta ar an tumoideachas ó cheann ceann na hEorpa.

I mbliana beidh atmaisféar láidir idirnáisiúnta le brath agus cainteoirí ó gach cearn don Eoraip i láthair. Inma Muñoa ó Thír na mBascach agus Ester Magis ón Bheilg, a chuirfidh a gcuid taighde faoi bhráid na comhdhála chomh maith le taighdeoirí agus acadóirí as an Bhreatain Bheag, as Albain agus as Éirinn i láthair.

Beidh an chomhdháil ar siúl i gColáiste Mhuire agus i gColáiste Feirste i mbliana agus tá Comhairle na Gaelscolaíochta agus CAER an-bhuíoch dóibh as an ócáid a óstáil i mbliana; dhá aonad iad atá aitheanta fud fad na tíre as a dtiomantas i leith chur chun cinn na Gaeilge.

Tá Comhairle na Gaelscolaíochta agus CAER an-sásta go mbeidh an t-aoi speisialta leis an Chomhdháil a oscailt i mbliana, An Choimisinéir Teangan Rónán ó Domhnaill. Tá Comhairle na Gaelscolaíochta & CAER an-bhuíoch dó as a chuid ama a thabhairt dúinn le bheith i láthair ar an lá.

Agus é ag caint ar theacht na Comhdhála i mbliana, dúirt Liam Ó Flannagáin, , Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, go gcuirfí fáilte chroíúil roimh gach toscaire chuig an ócáid speisialta seo.

Beidh réimse leathán de sheastáin eolais ag eagraíochtaí cultúrtha, oideachais, Gaeilge agus spóirt ann ar an lá chomh maith.

Ní mór do mhúinteoirí a bheith cláraithe roimh ré chun freastal ar an Chomhdháil seo, a thosaíonn ag 9.00 sa dá ionad.

Tuilleadh eolais: Seán Ó Muireagáin somuireagain@comhairle.org Guthán 02980 321475