Méid an Téacs

Comhdháil idirnáisiúnta maidir le nuálaíocht shóisialta agus fiontraíocht shóisialta ar siúl in DCU

Lúnasa 19, 2016

Beidh comhdháil idirnáisiúnta maidir le nuálaíocht shóisialta agus fiontraíocht shóisialta ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag deireadh na míosa (31ú Lúnasa & 1ú Meán Fómhair). Mar chuid den chomhdháil seo díreofar ar na scileanna agus tréithe atá ag teastáil ó dhaoine óga san ardoideachas le tabhairt faoi fhiontair shóisialta nua a bhunú agus a fhás agus a fhorbairt. Meastar go mbeidh a bhfuil le rá ag na cainteoirí an-usáideach d’fhorbairt straitéiseach na Gaeilge agus go háirithe an chaoi inar féidir linn tacú le nuálaíocht agus fiontraíocht a chothú i measc na mac léinn (Cumainn Ghaelacha mar shampla) agus i measc chéimithe óga.

Tuilleadh eolais anseo