Comhsheimineár ar athló
Nollaig 3, 2010
Beidh Gaelscoileanna Teo. agus Forbairt Naíonraí Teo. ag eagrú Comhsheimineáir ar ábhar na luathbhlianta go luath san Athbhliain, agus ní ar an 4 Nollaig 2010 mar a fógraíodh cheana, de dheasca na haimsire. Pléifear ábhar Síolta, Aistear agus an Curaclam Bunscoile ag an gComhsheimineár. Beidh costas €30 air, lón san áireamh, agus tá bileog eolais agus foirm chlárúcháin ar fáil le híoslódáil anseo: Bileog Eolais. Ba chóir an fhoirm a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais leis an íocaíocht chuig FNT. Fógrófar an dáta nua don chomhsheimineáir go luath.