Méid an Téacs

Comórtas do na Gaelcholaistí

Aibreán 8, 2014

Beidh Tionól Lúthchleasíochta do Ghaelcholáistí á chur ar siúl ag Gaelcholáiste Mhuire, A.G, An Mhainistir Thuaidh Corcaigh i Raon Luthchleasa UCC sa Mhuirdíog ar an gCéadaoin, 30ú lá de mhí Aibreáin ag 11.00 r.n.

In éineacht le Gaelcholáiste Mhuire A.G ar an lá, beidh Gaelcholáiste Choilm – Baile an Chollaig, Coláiste Daibhéid – Cathair Chorcaí, Coláiste an Phiarsaigh – Gleann Maighir, Scoil Mhuire – Béal atha an Ghaorthaidh agus Pobalscoil na Tríonóide, Eochaill.

Beidh an tionól lúthchleasaíochta seo ainmnithe in omós d’iardhalta cháiliúil ár scoile, Seán Óg Ó hAilpín. Cé gur fearr aithne air de bharr a chuid éachtaí ar an bpáirc peile is iománaíochta, ba reathaí trastíre é freisin agus é ag freastal ar an A.G. Níl duine ar bith níos fearr, dar linn, chun cabhrú linn aidhmeanna an chomórtais a bhaint amach:

Daoine óga a spreagadh chun Gaeilge a labhairt i suíomh sóisialta

Rannpháirtíocht agus caighdeán na lúthchleasaíochta i gCorcaigh agus in Éirinn a mhéadú.

Is deis iontach í seo do dhaltaí na scoileanna thuasluaite, ár dteanga dúchais a labhairt i gcomhthéacs sóisialta. Beidh deis ag na daltaí aithne a chur ar a chéile agus nascanna a dhéanamh le daoine ar chomhaois leo i gCorcaigh (agus le cúnamh Dé, timpeall na tíre amach anseo), a bhfuil Gaeilge ar a gcumas acu.

Beidh córas pointí i gceist ag an dtionól lúthchleasaíochta agus tá súil againn go mbeimid in ann duais fiúntach a chur ar fáil don scoil a bhuafaidh. Duais a chabhróidh leis an scoil sin chun forbairt a dhéanamh ar an lúthchleasaíocht trí Ghaeilge a bheidh i gceist (trealamh a cheannach, imeachtaí a chur ar siúl, srl.)

Gan amhras, chun ócáid mar seo a chur ar bun, is trom an t-ualach airgid a bheidh ar an scoil. Bheimis fíor-bhuíoch mar sin, d’aon chúnamh airgid a bheadh sibh in ann a thabhairt dúinn. Déanfar fógraíocht iontach dóibh siúd a bheidh in ann cabhrú linn – fógraí sa Mhuirdhíog, i gclár an lae, agus sna meáin chumarsáide roimh agus i ndiaidh an imeachta.

Cabraigh linn, le do thoil, chun lá iontach a chur ar siúl ar an 30ú lá de mhí Aibreáin agus chun an thraidisiúin na lúthchleasaíochta agus na Gaeilge a chur chun cinn.

Le meas,

Deasún Ó Góilín