Méid an Téacs

Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta 2015

Eanáir 14, 2015

Bhí an-rath ar Chomórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta anuraidh agus tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh sé ar ais arís don scoilbhliain 2014/2015!

Tá comórtas na scoilbhliana seo urraithe ag Foras na Gaeilge agus beidh duaiseanna den scoth ar fáil.

Tugaimid cuireadh do dhaltaí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna an Fhorais páirt a glacadh sa chomórtas. An téama atá ann don scoilbhliain seo ná ‘Gaeloideachas do Chách’.

Tá cúig rannóg éagsúil ann agus tá fón cliste, Nintendo Wii, táibléid agus tuilleadh i measc na nduaiseanna a bhronnfar!

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “D’éirigh go hiontach leis an gcomórtas ealaíne anuraidh. Ghlac go leor scoileanna páirt agus bhí an caighdeán fíor ard go deo.

“Anuraidh bronnadh duaiseanna iontacha ar na buaiteoirí agus tá an áthas orainn i mbliana go bhfuil duaiseanna bhreá eile ar fáil. Táimid an-sásta go bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas agus tá aiseolas an-dearfach faighte againn ó na scoileanna cheana féin.”

Is é an 6 Feabhra 2015 an sprioc d’iarratais. Fógrófar na buaiteoirí ag Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta ar 28 Feabhra 2015 sa Red Cow Moran Hotel. Tá gach eolas faoin gcomórtas ar fáil ar www.foras.ie

Tuilleadh eolais ag: www.foras.ie