Méid an Téacs

COMÓRTAS EALAÍNE na NOLLAG le Cló Iar-Chonnacht

Samhain 3, 2011

An Nollaig seo, tá Cló Iar-Chonnacht ag iarraidh ar ár gcuid léitheoirí óga caipín ealaíontóra a chur orthu féin agus pictiúr a tharraingt  bunaithe ar théama na Nollag. Seol do phictiúr Nollag, mar aon le d’ainm, an rang a bhfuil tú ann, múinteoir an ranga, agus ainm agus seoladh na scoile chugainn ag: Comórtas Ealaíne,  Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Nó ar r-phost ag cloiar@iol.ie i bhfoirm jpeg.

Gheobhaidh na buaiteoirí duais dóibh féin agus duais dá scoil. Beidh GACH pictiúr sa chomórtas le feiceáil sa ghailearaí ar-líne ag www.cic.ie

DUAISEANNA
Dearbhán €100 do tháirgí Chló Iar-Chonnacht do scoil an bhuaiteora.
Dearbhán €25 Smyth’s Toys don bhuaiteoir féin.

COMÓRTAS 1
Naíonáin bheaga go Rang a Dó.

COMÓRTAS 2
Rang a Trí go Rang a Sé.

SPRIOCDHÁTA
Dé hAoine, 16ú lá Nollaig, 2011.

NÓTA
Fógrófar na buaiteoirí go poiblí agus cuirfear scéala chuig na buaiteoirí iad féin agus a scoil. Níl dul thar bhreith na moltóirí.