Méid an Téacs

Comórtas Filíochta an Free Wee Library 2014

Aibreán 22, 2014

Comórtas Filíochta do Dhaoine Fásta agus do Pháistí

Béarla agus Gaeilge

Bronnfar duaiseanna ar an 1ú agus an 2ú háit do dhánta i mBéarla, agus ar an 1ú agus an 2ú áit do dhánta i nGaeilge, sna catagóirí seo a leanas,

Daoine Fásta:

1ú Duais €150 + 250 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.

2ú Duais €75 + 100 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.

Páistí:

Os cionn 10:
1ú Duais €30 + 100 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.
2ú Duais €15 + dhá dhearbhán leabhar.

Faoi 10:
1ú Duais €20 + 100 cóip den dán buacach, priontáilte mar ribín marcála, le dáileadh ar fud an FWLP.
2ú Duais €10 + dhá dhearbhán leabhar.

Rialacha agus Treoirlínte an Chomórtais

Glacfar anois le hiarratais do Chomórtas Filíochta an Free Wee Library 2014. Glacfar le dánta i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá an comórtas seo oscailte do gach aon údar, fad is go bhfuil dán iontrála an údair sin nuascríofa, gan an dán a bheith foilsithe ná féinfhoilsithe cheana, in aon áit sna meáin ná go poiblí, agus gan aon chomórtas buaite ag an dán cheana.

Ní ghearrfar táille ar iontrálacha ó pháistí, ach beidh táille iontrála €5 le híoc ag daoine fásta, ar uasmhéid 3 dhán, agus iníoctha leis an Free Wee Library Project. Seoltar iontrálacha, mar aon le seic/ordú poist €5 (daoine fásta), chuig Comórtas Filíochta 2014, Free Wee Library Project, f/c The Exchange, Ascaill an Chaisleáin, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall, Éire, roimh 5:00 i.n., 30 Bealtaine 2014.

Ní mór do dhán/dhánta an iontrálaí bheith ar leathanach as/astu féin, gan ainm an iontrálaí bheith ar an leathanach céanna leis an dán/na dánta, nó ní ghlacfar leis an iarratas sin. Ní mór litir mhínithe a chur isteach le gach iarratas, le hainm agus sonraí teagmhála an údair ar an leathanach sin (ainm, seoladh, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist). Ní scaoilfear ainmneacha na scríbhneoirí leis an bpainéal moltóirí, go dtí go mbeidh na dánta buacacha roghnaithe.

Is féidir aon ábhar a bheith i gceist, ach ní féidir le haon dán a bheith níos faide ná 15 líne. Ba mhór againn luathiontrálacha. Ní mór bunchóip den dán a choinneáil mar ní sheolfar iarratais ar ais.

Ní bheidh dul thar bhreith na moltóirí, agus ní rachfar i mbun comhfhreagrais maidir lena gcuid moltóireachta.

Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas roimh an 20 Meitheamh 2014, agus tabharfar cuireadh dóibh bheith i láthair, lena ndánta a léamh, ag bronnadh na nduaiseanna in The Exchange i mBun Cranncha, i rith Feel Good Fortnight. (Dáta le deimhniú.)

Fanann cóipcheart an tsaothair leis an údar, ach coinníonn an Free Wee Library Project cearta chéadfhoilsiú/chéadchraoladh an tsaothair bhuaitigh.