Méid an Téacs

Comórtas Leabhar do Bhunscoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta

Eanáir 26, 2016

Urraithe ag The O’ Brien Press Ltd.

Dáta deiridh le cur isteach ar an gcomórtas seo ná: 29ú Feabhra 2016 roimh 17.00

Céard atá le déanamh?

  • Scéal gearr (500 focal nó níos lú) le scríobh ar do rogha téama nó ábhair. Caithfidh an scéal bheith scríofa i nGaeilge. Is féidir do rogha stíle agus seánra a úsáid. Bí cruthaitheach!
  • Tabhair teideal ar an scéal.
  • Tá an comórtas seo oscailte do dhaltaí i rang a haon agus rang a dó i mbunscoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta.
  • Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 17.00 ar an 29ú Feabhra 2016.

Ádh mór!

Is deis iontach an comórtas seo an cumas scríbhneoireachta atá ag bhur gcuid daltaí a léiriú. Anuas air sin, tabharfaidh sé deis do na daltaí a gcuid scileanna cruthaitheachta, litearthachta agus eagarthóireachta a fhorbairt agus a fheabhsú. Foilseofar scéalta na mbuaiteoirí ar shuíomh Idirlín, ar mheáin shóisialta agus i nuachtlitir Gaelscoileanna Teo.

Duaiseanna

Roghnófar beirt bhuaiteoirí ar an gcomórtas. Bronnfar beart mór leabhar Gaeilge ar na buaiteoirí seo do leabharlann na scoile ón tsraith Sos le The O’Brien Press Ltd. Tá na leabhair seo oiriúnach do dhaltaí i rang a haon nó rang a dó. 

Coinníollacha

  • Is ag painéal moltóirí an chomórtais an cinneadh deireanach maidir le buaiteoirí a roghnú.
  • Tá an comórtas seo oscailte do gach dalta scoile bunleibhéil (rang a haon agus rang a dó amháin) atá ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge/Gaeltachta in Éirinn.
  • Caithfidh gach scéal bheith scríofa i nGaeilge amháin agus bheith 500 focal nó níos lú ar fhad.
  • Caithfidh gach iontráil bheith clóscríofa nó scríofa go han-néata.
  • Níl cead ag daltaí ach iontráil amháin a chur isteach ar an gcomórtas.
  • Caithfidh gach iontráil bheith faighte ag Ciara roimh an spriocdháta (17.00 ar 29ú Feabhra 2016). Ní ghlacfar le hiarratais dheireanacha. Is féidir na hiontrálacha a chur ar an ríomphost chuig ciara@gaelscoileanna.ie nó sa bpost chuig

Ciara Ní Bhroin

Oifigeach Forbartha, Gaelscoileanna Teo.

 Halla Naomh Pádraig,

Institiúid Oideachais Marino,

Ascaill Uí Ghríofa,

Baile Átha Cliath 9

  • Glacfar le hiontrálacha uathúla úra amháin agus níl cead aon scéal atá foilsithe cheana a chóipeáil. Ní ghlacfar le haon bhradaíl liteartha.
  • Caithfidh ainm agus aois an dalta, ainm agus seoladh na scoile, agus an rang bheith marcáilte ar bharr an leathanaigh ar gach iontráil.
  • Tá sé de chead ag Gaelscoileanna Teo. gan ghlacadh le hiontrálacha mí-oiriúnacha agus iad a chur as an áireamh don chomórtas seo.
  • Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas tríd an ríomhphost.
  • Caithfidh iarrthóirí bheith sásta páirt a ghlacadh i bpoiblíocht a bhaineann leis an gcomórtas agus go bhfoilseofar a gcuid scéalta. Foilseofar rogha scéalta ar shuíomh agus i nuachtlitir Gaelscoileanna Teo., mar aon le meáin shóisialta na heagraíochta.

Tá foirm iontrála don chomórtas le fáil anseo