Méid an Téacs

Comórtas Leabhar do Naíonraí

Eanáir 18, 2016

Comórtas Leabhar do Naíonraí


Urraithe ag An Gúm.

Dáta deiridh le cur isteach ar an gcomórtas seo ná: 18ú Feabhra 2016 roimh 17.00

Céard atá le déanamh?
Pictiúr a ghlacadh d’am scéalaíochta sa naíonra agus a chur chugainn.

Duaiseanna:

Bronnófar beart álainn leabhar ar bhuaiteoirí an chomórtais seo le húsáid sa naíonra.

Ádh mór !

Coinníollacha

  1. Cuirfear gach iontráil a fhaightear isteach i hata agus roghnófar beirt bhuaiteoirí as na hiontrálacha sin ar fad.
  2. Is ag painéal moltóirí an chomórtais an cinneadh deireanach maidir le buaiteoirí a roghnú.
  3. Tá an comórtas seo oscailte do gach naíonra a bhfuil an luath-thumoideachas iomlán i bhfeidhm.
  4. Níl cead ag naíonraí ach iontráil amháin a chur isteach ar an gcomórtas.
  5. Caithfidh gach iontráil bheith faighte ag Ciara roimh an spriocdháta (17.00 ar 18ú Feabhra 2016). Ní ghlacfar le hiarratais dheireanacha.
  6. Is féidir iarratais a chur ar an ríomhphost chuig ciara@gaelscoileanna.ie nó sa phost chuig Ciara Ní Bhroin,

Oifigeach Forbartha,
Gaelscoileanna Teo.
Halla Naomh Pádraig,
Institiúid Oideachais Marino,
Ascaill Uí Ghríofa,
Baile Átha Cliath 9.

  1. Caithfidh cead a bheith faighte ó thuismitheoirí/cúramaóirí d’aon ghrianghraf a ghlactar dá bpáistí.
  2. Tá sé de chead ag Gaelscoileanna Teo. gan ghlacadh le hiontrálacha mí-oiriúnacha agus iad a chur as an áireamh don chomórtas seo.
  3. Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas tríd an ríomhphost.
  4. Caithfidh iarrthóirí bheith sásta páirt a ghlacadh i bpoiblíocht a bhaineann leis an gcomórtas agus go bhfoilseofar a gcuid grianghraf. Foilseofar rogha grianghraf ar shuíomh agus i nuachtlitir Gaelscoileanna Teo., mar aon le meáin shóisialta na heagraíochta agus ábhar bolscaireachta eile de réir mar is cuí.

Tá foirm iontrála don chomórtas le fáil anseo