Méid an Téacs

Craobh Scléip! ag druidim linn

Márta 20, 2012

Baileoidh daltaí scoile ildánacha fud fad na tíre le chéile ar 24 Márta le páirt a ghlacadh i gcraobh cheannais Scléip! san amharclann Axis i mBaile Munna.

Dúirt Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha Gaelscoileanna Teo go mbeidh 15 scoil rannpháirteach sa chraobh i mbliana.

“Táimid ag súil le cur leis sin gach bliain. Molaim do na daltaí taitneamh a bhaint as an lá agus as an deis casadh le daltaí eile ó Gaelscoileanna éagsúla”, a dúirt sí.

Tá an comórtas seo, atá dírithe go hiomlán ar na healaíona cruthaitheacha, á reáchtáil ag Gaelscoileanna Teo ó 2006 ag é ag méadú gach bliain ó shin. Tá eagraithe an chomórtais tar éis an tír a thaisteal ar thóir na ndaltaí Gaelscoile is ildánaí agus is nuálaí.

Tá ceithre rannóg i gceist sa chomórtas: Ceol Nua-aimseartha – Aonair/Grúpa, Damhsa Cruthaitheach – Aonair/Grúpa, Drámaíocht – Aonair/Grúpa, Ilchineálach – Aonair / Grúpa. Bíonn gach cineál ealaíon i gceist sa rannóg ‘ilchineálach’ idir scéalaíocht agus dhraíocht agus neart féidearthachtaí sna rannóga eile do dhaltaí sinsir agus sóisir iad féin a chur in iúl ar bhonn cruthaitheach.

Beidh sraith de chláir á gcraoladh ar Raidió na Gaeltachta, iad léirithe ag Fiachna Ó Braonáin, maidir le haistear iomlán Scléip! ar chamchuairt ar fud na tíre.