Craobhchomórtas Siansa Gael Linn ar TG4!
Aibreán 16, 2014
Craolfar clár speisialta faoi Chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2014 ar TG4, Dé Céadaoin 23 Aibreán, 10.30 p.m. Ghlac 8 ngrúpa thraidisiúnta ó cheann ceann na tíre páirt sa cheolchoirm iontach seo sa Cheoláras Náisiúnta ar 6 Aibreán, 2014. Bhí os cionn míle duine i láthair don ócáid. Beidh ceol agus amhránaíocht den scoth le cloisteáil – ná caill é!
Lean sinn ar Twitter #Siansa nó ar Facebook Siansa Gael Linn!