Méid an Téacs

Creat Treorach “Bí Gníomhach” á Lainseáil ag an Taoiseach

Meán Fómhair 9, 2013

Soláthar sa chreat do chur chuige comhordaithe don chorpoideachas, don ghníomhaíocht choirp agus don spórt do pháistí agus daoine óga.

Inniu, lainseáil an Taoiseach, Enda Kenny TD, an Creat Treorach Bí Gníomhach go foirmeálta, creat atá ceaptha chun cur chuige comhordaithe don chorpoideachas, don ghníomhaíocht choirp agus don spórt a ghlacadh i suíomhanna scoile agus pobail do pháistí agus daoine óga.
Ag labhairt dó ag an lainse, dúirt an Taoiseach: “Is iontach an rud é an ghníomhaíocht choirp don chorp is don aigne. Tá sé mar thiomantas ag an Rialtas seo Éire a dhéanamh níos sláintiúla le cónaí inti. Chun an aidhm seo a bhaint amach, ní mór soláthar fócasaithe, éifeachtúil, inmharthana a bheith ann don chorpoideachas, don ghníomhaíocht choirp agus don spórt. Má dhéanaimid é seo i gceart, is fearr an tsláinte a bheidh ag páistí agus daoine óga, is cothroime an t-oideachas a bheidh acu agus is cothromasaí agus is cuimsithí an tsochaí a bheidh ann amach anseo. Tá Bí Gníomhach ag tógáil ar an obair a rinneadh faoi chuimsiú an Chreata Healthy Ireland chun sochaí shláintiúil a chur chun cinn ina mbeidh meas ar an bhfolláine agus tacaíocht ar fáil di.”
Tá Bí Gníomhach arna fhorbairt ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Sláinte, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óga, agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt i gcomhar lena chéile, agus táthar ag iarraidh folláine agus leasa páistí a chur chun cinn faoina chuimsiú.
Is féidir le heagraíochtaí agus le daoine aonair an Creat a úsáid de réir a gcuid riachtanas. Níl sé saintreorach ná uileghabhálach maidir leis na mionsonraithe. Is mó a bhfuiltear ag iarraidh an t-agallamh a spreagadh agus smaointe nua a ghiniúint.