Méid an Téacs

Critéir Pleanála Teanga fógartha

Meán Fómhair 20, 2013

Tá na critéir pleanála teanga faoi Alt 12 d’Acht na Gaeltachta 2012 fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo. Bainfear leas as na critéir seo chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna teanga a ullmhófar do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus do na Líonraí Gaeilge.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012 roinneadh an Ghaeltacht i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith, agus é i gceist go mbeadh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar acu sin. Ag an am sin, bhí sé aontaithe go roghnófaí príomheagraíocht cinnireachta amháin i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. I mBealtaine na bliana seo, fógraíodh go ndéanfaí athdhréachtú ar na ceantair a roghnaíodh, ionas go mbeadh 26 ceantar ann in áit 19.

Agus é ag fógairt na critéir pleanála teanga an tseachtain seo, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., gur “ionann foilsiú na gcritéar seo agus céim eile chun tosaigh sa phróiseas pleanála teanga. Mar thoradh ar na Rialacháin seo, tá soiléireacht ann faoi na critéir a bheidh in úsáid nuair a bheidh mo Roinnse ag déanamh measúnú ar phleananna teanga sula ndéanfar iad a fhaomhadh. Bunaithe ar an phróiseas sin, beidh stádas mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge le bronnadh ar cheantair éagsúla, de réir mar is cuí, i gcomhréir le hAcht na Gaeltachta.”

Is mar seo thíos atá na chéad chéimeanna eile leagtha síos le glacadh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, chun an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn:

  • Tá an Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d’ullmhú, d’fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna limistéir, sna bailte agus sna líonraí. Cabhróidh na treoirlínte leis na heagraíochtaí pobail agus iad ag tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar an talamh.
  • Tá Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag leagan amach córas trédhearcach faoina roghnófar eagraíochtaí chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair éagsúla.
  • Tá an Roinn ag obair, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ar na fógraí faoi alt 7(3) den Acht a dhéanfaidh sainiú ar na toghranna éagsúla a bheidh i gceist sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.

Is féidir teacht ar na critéir pleanála teanga ach gliogáil ar an nasc thíos: Ionstraimí Reachtúla IR 357 de 2013 (Critéir Pleanála Teanga).pdf

Foilsithe ar Gaelport.com