Méid an Téacs

Cruinnithe Poiblí á eagrú chun Gaelscoileanna Nua a Bhunú

Meán Fómhair 16, 2011

Beidh An Foras Pátrúnachta ag reáchtáil cruinnithe poiblí ag deireadh na míosa le hoscailt Ghaelscoil nua i mBaile an Chairpintéirigh, Baile Chill Dara agus Tamhlacht  a phlé. Cuirtear fáilte roimh chách.

Tá cruinnithe poiblí eagraithe ag An Foras Pátrúnachta, an phátrúnacht náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge, le heolas a thabhairt do mhuintir na gceantar seo faoi oscailt Ghaelscoileanna nua i mí Mheán Fómhair 2012 agus 2013. Tá fáilte ollmhór do thuismitheoirí agus daoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge á chur ar fáil sa cheantar. Is deis iontach í seo don phobal suim agus éileamh a thaispeáint sa Ghaelscolaíocht. Beidh deis ann chomh maith do thuismitheoirí agus caomhnóirí réamh-chlárú a dhéanamh dá bpáistí.

Beidh Caoimhín Ó hEaghra, ard-rúnaí An Fhorais Pátrúnachta, ag caint ag na cruinnithe faoi bhuanna agus  láidreachtaí  an phátrúin do Ghaelscoileanna. Ag tagairt don tábhacht a bhaineann le hoscailt Ghaelscoileanna nua sna ceantair seo, dúirt Ó hEaghra, “Feictear dúinn go bhfuil gá le Gaelscoileanna nua sna ceantair fháis seo mar gheall ar an mborradh atá feicthe ar Ghaelscoileanna fud fad na tíre. Tá fás suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair seo le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go mbeidh méadú ar an éileamh ón bpobal d’oideachas trí mheán na Gaeilge. Táimid ag súil go dtacóidh an pobal áitiúil linn agus go bhfeicfimid Gaelscoileanna nua ag teacht chun cinn i 2012 agus 2013.”

Beidh urlabhraí agus príomhoidí Ghaelscoileanna ag caint ag na cruinnithe seo chomh maith ar an nGaeilge, ar oideachas lán-Ghaeilge agus a bheidh ar fáil le ceisteanna a fhreagairt.

Léirigh an Daonáireamh 2006 go bhfuil 42.2% de dhaonra Chill Dara ina gcainteoirí Gaeilge agus go bhfuil fás tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge ó 394,240(Daonáireamh 2002) go 410,669(Daonáireamh 2006) i mBaile Átha Cliath, rud a chuireann in iúl go bhfuil suim iontach mór ann sa Ghaeilge agus go bhfuil margadh ann do Ghaelscoileanna nua sa chontae.

Fuair An Foras Pátrúnachta deimhniú ón Roinn Oideachais go mbeidh 20 bunscoil nua á mbunú acu sna sé bliana amach romhainn. Tá sé cinntithe go mbeidh bunscoileanna nua ag oscailt i gceantar Bhaile an Chairpintéirigh, i mBaile Chill Dara agus i dTamhlacht. Tá An Foras Pátrúnachta ag súil leis an oiread tacaíochta gur féidir a fháil ón bpobal sula gcuirtear na hiarratais go dtí an Roinn, ar an 7ú Deireadh Fómhair, 2011.

Tá réimse staidéir déanta a léiríonn go n-éiríonn le daltaí le hoideachas lán-Ghaeilge ard-caighdeán acadúil a bhaint amach, tá sé níos fusa dóibh an tríú teanga a fhoghlaim, forbraíonn siad tuiscint agus oscailteacht ar chultúir eile agus forbraíonn siad feidhmiú cognaíoch i leith cruthaitheacht agus cumarsáid.