Cruinnithe Poiblí maidir le Gaelscoileanna Nua
Meán Fómhair 20, 2011
Tá cruinnithe poiblí eagraithe ag An Foras Pátrúnachta, an phátrúnacht náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge, le heolas a thabhairt do mhuintir na gceantar seo faoi oscailt Ghaelscoileanna nua i mí Mheán Fómhair 2012 agus 2013. Tá fáilte ollmhór do thuismitheoirí agus daoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge á chur ar fáil sa cheantar. Is deis iontach í seo don phobal suim agus éileamh a thaispeáint sa Ghaelscolaíocht. Beidh deis ann chomh maith do thuismitheoirí agus caomhnóirí réamh-chlárú a dhéanamh dá bpáistí.
Tuilleadh eolais: Preas Ráiteas an Fhorais Pátrúnachta
Cruinnithe Poiblí:
Baile an Chairpintéaraigh ar an 26/09/2011, 20:00 – 21:00
Draíocht, Ionad Bhaile Bhlainséir, Baile Bhlainséir
Tamhlacht: Baile an Fhoirtcheirn, Teach na Giúise/An Seanbhábhún, Iarthar Tamhlacht/Citywest ar an 27/09/2011, 20:00 – 21:00
Maldron Hotel, Bealach Bhaile an Fhaoitigh (N81), Tamhlacht
Baile Chill Dara ar an 28/09/2011, 20:00 – 21:00
Ionad Oideachais Chill Dara, Friary Road, Baile Chill Dara