Méid an Téacs

Cruinniú Cinn Bhliana Chomhar na Múinteoirí Gaeilge

Samhain 13, 2013

23 Samhain 2013 – 23 Samhain 2012

Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.

9.45 – 10.00
Clárú

10.00 – 10.45
Gnó na hEagraíochta (baill amháin)

Fáilte ón Uachtarán
Tuairisc ar dhul chun cinn na bliana
Rúin

10.45 – 11.00
Tae/caife

11.00 – 12.30
Seoladh Taighde
An Dr. Muiris Ó Laoire: Tuarascáil ar an Díolúine i leith na Gaeilge mar Ábhar Iar-bhunscoile
Máire Ní Laoire MEd: Siollabas Nuashonraithe Gaeilge na hArdteistiméireachta: Dearcadh Múinteoirí

12.30 – 13.00
Lón

Cuirfear fáilte roimh bhaill chláraithe na heagraíochta a bheith páirteach sa chéad mhír den chlár ina mbeifear ag díriú ar ghnó na heagraíochta. Tugtar cuireadh do bhaill amháin go dtí an chuid seo den chruinniú. Is féidir rúin a chur ar aghaidh chuig an Lároifig roimh 5.00 in. ar an Déardaoin, 21 Samhain 2013. Ní ghlacfar le rúin ar an lá. Beidh fáilte roimh chách chuig cur i láthair a dhéanfaidh An Dr. Muiris Ó Laoire agus Máire Ní Laoire maidir leis an dá phíosa taighde atá curtha i gcrích acu, is iad sin, Tuarascáil ar an Díolúine i leith na Gaeilge mar Ábhar Iar-bhunscoile agus Siollabais Nuashonraithe Gaeilge na hArdteistiméireachta: Dearcadh Múinteoirí. Déanfar an dá phíosa taighde seo a sheoladh ag an gcruinniú.

Má tá fonn ort freastal ar an ócáid seo agus ar an lón beag ina dhiaidh, bheinn buíoch dá seolfá an fhoirm iniata ar ais chugainn roimh 5.00 in. ar an Déardaoin, 21 Samhain 2013.

Is féidir dul i dteagmháil linn ar (01) 639 8448 nó saffron@cnmg.ie nó fionnuala@cnmg.ie más mian leat tuilleadh eolais a fháil.

Foilsithe ar Gaelport.com