Méid an Téacs

Cruinniú faoi thodhchaí na Gaeilge i gCill Dara

Feabhra 14, 2011

Tá Sult na Sollán agus Glór na Ríogh, le tacaíocht ó Chomhluadar, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael, ag eagrú cruinnithe poiblí maidir le todhchaí na Gaeilge i gCo. Chill Dara.
 
Beidh an cruinniú ar siúl ar an Déardaoin, 17 Feabhra 2011, ag 08.00i.n. sa Bridgewater Inn (thuas staighre), Na Solláin, Co. Chill Dara.
 
Beidh ionadaithe ann ó na heagraíochtaí agus grúpaí deonacha Gaeilge sa cheantar chomh maith le daoine ón bpobal le spéis acu sa Ghaeilge mar theanga phobail i gCo. Chill Dara. Tá cuirí tugtha d’iarrthóirí an Olltoghcháin sa dhá dháilcheantar i gCo. Chill Dara.
 
Deir Daithí de Faoite, Oifigeach Caidreamh Poiblí, Sult na Sollán: “Is cinnte go bhfuil an Ghaeilge an-láidir i gCo. Chill Dara agus beidh deis ag an gcruinniú eolas a roinnt faoin sárobair ag dul ar aghaidh leis an nGaeilge a spreagadh sa chontae agus conas deiseanna úsáid na Gaeilge a ardú i measc an phobail. Beimid ag tabhairt aghaidhe ar na chéad chéimeanna i dtreo Cultúrlainne Gaeilge a fhorbairt do phobal an chontae.”