Méid an Téacs

Cruinniú maidir leis an mbunscoil nua, Teach na Giúise, 9 Aibreán

Aibreán 5, 2013

Beidh cruinniú ar siúl dóibh siúd a bhfuil fonn orthu a bheith ar an gcoiste bunaithe (coiste na dtuismitheoirí) don Ghaelscoil nua i dTeach na Giúise, ar an Máirt 9ú Aibreán.
Beidh an cruinniú ar siúl i gColáiste de hÍde i dTamhlacht (www.colaistedehide.ie) ag 7pm agus mairfidh sé ar feadh uair a chloig. Má tá sé ar intinn agat freastal ar an gcruinniú seo, le do thoil seol ríomhphost chuig eolas@foras.ie le sin a chur in iúl.