Méid an Téacs

Cú Chulainn i 3D

Márta 19, 2014

Ar an 23 Eanáir i bPáirc an Chrócaigh, sheol Micheál Ó Muircheartaigh go hoifigiúil an cluiche ‘In Cú Chulainn’s Footsteps’ – cluiche nua ríomhaireachta atá ina áis nuálaíoch deartha chun daoine óga a mhealladh i dtreo na foghlama agus a bhfuil sé mar aidhm aige an teanga agus an cultúr a chur chun cinn ag an am céanna. Dhear agus chruthaigh an comhlacht Éireannach Duineacu an cluiche ríomhaireachta.

Feiceann muid sa chluiche, cluiche ina bhfuil an iomáint lárnach, an príomhcharactar ag taisteal ar oileán draíochta, ag tabhairt faoi phuzail agus thomhais de réir mar a théann sé thart. Casann sé ar áiteanna cáiliúla chomh maith le daoine mór le rá i saol an cheoil, na lítríochta, an spóirt agus an bhéaloidis mar chuid dá chuid tascanna.

Is eachtra 3D é an cluiche seo ina n-úsáidtear cliceanna luchóige nó buillí ar an scáileán agus tá leagan ar fáil do scoileanna atá inleasaithe ag brath ar riachtanais mhúinteoirí.

Sa chluiche tá Micheál Ó Muircheartaigh, Clannad, Kíla agus Sharon Shannon agus daoine eile nach iad.

Dúirt Francisco Blásquez, úinéir an chomhlachta, ag an seoladh: “tá muid iontach sásta go raibh Micheál Ó Muircheartaigh in ann an cluiche seo ‘In Cú Chulainn’s Footsteps’ a sheoladh dúinn inniu i bPáirc an Chrócaigh. Tá muid iontach buíoch de na daoine ar fad a thug cuidiú dúinn le linn an tionscadail agus tá an-áthas orainn go bhfuil cuid mhaith de na daoine sin i láthair inniu. Tá muid iontach bródúil as an chluiche agus tá muid ag súil go mór go mbeidh ráchairt air sna scoileanna agus i measc daoine óga chomh maith”.

Ag labhairt ar son Fhoras na Gaeilge, dúirt an Príomhfheidhmeannach, Ferdie Mac an Fhailigh “tá cluichí den chineál seo iontach tábhachtach do chur chun cinn na Gaeilge i measc an aos óig agus leis an ghné oideachasúil de beidh luach ar leith leis i suíomh na scoile agus do dhaoine óga sa bhaile. Níl aon dabht agam go cuirfidh sé go mór le sealbhú na Gaeilge ag daltaí. Toisc gur féidir an teanga a athrú nó leibhéal teanga a chur in óiriúint d’aois na bpáistí agus gur féidir ábhar an chluiche a chur in óiriúint chomh maith, beidh sé iontach úsáideach ag múinteoirí le haghaidh réimse leathan ábhar’.

‘Cuireann sé gliondar orm an Ghaeilge agus na gnéithe eile dár n-oidhreacht shaibhir a fheiceáil i gcroílár an tionscadail iontach seo” a dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill.

“Mar mhúinteoir scoile tuigim go rí-mhaith na buntáistí a bhaineann le háiseanna nuálaíocha nó nua-aimseartha mar seo nuair a bhaintear úsáid astu ar an mbealach ceart’.

“Tréaslaím le gach duine atá bainteach leis an tionscadal seo agus guím gach rath air. Gabhaim comhghairdeas le Francisco agus táim iontach tógtha leis an tsuim agus leis an bpaisean atá aige don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach ach go háirithe lena chúlra Spáinneach”
Is comhlacht Éireannach é Duineacu atá lonnaithe i gCondae na Mí a chuireann sraith de sheirbhísí teicneolaíochta agus seirbhísí idirghníomhach/oideachais agus cluiche ar fáil.

Bunaiodh Duineacu in 2012 chun cluichí agus tionscadail mar seo a fhorbairt – ICF mar thionscadal tosaigh. Tá cúlra ag an chomhlacht i bhforbairt cluichí ríomhaireachta sa Spáinn agus tá stair rathúil acu.

Sa bhliain 2005 d’éirigh leo VCS a chruthú, teicneolaíocht a ligeann do dhaoine a bhfuil deacrachtaí radharc na súil bogadh thart ar thimpeallachtaí 3D.

Bunaithe ar an teicneolaíocht seo d’éirigh leo cluiche 3D a fhorbairt, a rinneadh i 5 teanga, le comhoibriú ó dhaoine mór le rá sa Spáinn.

Thacaigh ONCE, eagraíocht mór do na Daill sa Spáinn, leis an chluiche . Chruthaigh siad cluiche eile d’arb ainm Piopa chun bulaíocht a aithint i scoileanna. Glacadh go fonnmhar leis an réamhléiriú don chluiche seo.

Ina dhiaidh seo shocraigh an comhlacht cluiche nua a fhorbairt a bhí bunaithe ar mhiotaseolaíocht na hÉireann agus dhírigh siad ar Chú Chulainn mar cheann de na tagairtí is mó agus is tábhachtaí sa mhiotaseolaíocht. Tháinig bunaitheoirí an chomhlachta go hÉireann i 2009 chun tús a chur leis an tionscadal atá á sheoladh inniu.

Ainm teagmhála – Francisco Blásquez – 086 7878909

Suíomh – www.duineacu.com