Méid an Téacs

Cuairt Garry Kasparov Ar Éireann, Márta 28-30ú, 2014

Márta 25, 2014

I nDeireadh Fómhair 2013, d’fhógair Garry Kasparov go mbeadh sé ina iarrthóir ar Uachtaránacht FIDE (Fédération Internationale des échecs nó an Chónaidhm
Dhomhanda Fichille). Tá sé ag beartú áit Kirsan Ilyumzhinov as Kalmykia, atá ina shealbhóir oifige le 18 mbliana, a ghlacadh sa toghchán a thionólfar i Lúnasa 2014 le linn Oilimpiad Fichille Tromsø. Chuige sin, is ábhar mórtais d’Aontas Fichille na hÉireann Garry Kasparov a óstáil ar an chuairt stairiúil dhá lá seo go hÉirinn ag tosú ar 28ú Márta.

Le linn chuairt Garry Kasparov díreofar ar bhualadh le toscairí as Éirinn agus as tíortha eile máguaird dá dtabharfaidh sé mionsonraí faoina chlár uachtaránachta chomh maith le héisteacht le ceisteanna a ardóidh toscairí a bhaineann lena dtíortha féin. Buailfidh sé fosta le daltaí scoile a imríonn ficheall agus beidh cruinniú ar leith ann le scoth imreoirí díograiseacha fichille na hÉireann.

Le linn a chuairte, casfar air páistí a imríonn ficheall ó Ghaelscoileanna as gach cearn de Chúige Laighean agus iad ag Comórtas Bliantúil Fichille Chúige Laighean a thionólfar i dTeach an Ard-Mhéara Dé hAoine, Márta 28. Le linn an chomórtais seo bronnfar gradam ar chuid de na réaltaí óga s’againn. Is iad seo foireann faoi 12 bl. Bernadette Stokes a thug an chraobh abhaile leo ó chomórtas bliantúil fichille na 4 Náisiún (Éire, Sasana, Albain & an Bhreatain Bheag) an samhradh seo caite; Daniel Dwyer, 8 bl. Curadh Mionúir Bhun Raite agus Admira Kecskemeti, 8 bl. Curadh fichille faoi 12 bl. Thuaisceart Éireann. Beidh Eamon Gilmore, Tánaiste, i láthair chomh maith le Dermot Lacey, Leas-Ard-Mhéara le hómós a thabhairt do pháistí a imríonn ficheall. Is i nGaeilge a bheas an ócáid ar fad agus táimid ag súil le cúpla focal Gaeilge ón Uas. Kasparov. An Ghaeilge agus an Rúisis an dá theanga a labhrófar i dTeach an Ard-Mhéara i rith na hócáide. Labhróidh Fiachra Scannan agus Daniel Dwyer i nGaeilge agus i Rúisis ar son na bpáistí. Buailfidh Sava Stoisavljevic, rúnaí ginearálta ECU le toscairí de chuid FIDE lena bpáirtíocht i bhficheall na hEorpa a phlé. Beidh Jan Callewaert (an Bheilg), uachtarán Fhondúireacht Fichille Kasparov agus iarrthóir mar Leas-Uachtarán i gcomhpháirt le Garry Kasparov, i láthair freisin.

Fís Garry Kasparov: “An fhicheall a ardú ó leibhéal an phobail; an cluiche a leathadh i réimse an oideachais mar chaighdeán cultúrtha chomh maith le bheith ina spórt rathúil tráchtála.” Coinnigh súil ar shuíomh idirlín an ICU le haghaidh tuairiscí ar imeachtaí a bhaineann leis an chuairt ríthábhachtach ar Éirinn ó Mhárta 28ú-30ú ag Garry Kasparov, Curadh Clúiteach Domhanda Fichille .