Méid an Téacs

Cúpla Focail, leabhrán nua ón CDETB

Márta 21, 2018

Seoladh Cúpla Focail, leabhrán CDETB Seirbhís Oidechais Aosúil, i bhFionnglas mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge agus mar chuid den cheiliúradh forleathan a bheidh ann i mbliana, Bliain na Gaeilge.

Chuir Kevin Smullen, an Oifigeach Oideachais Aosúla, fáilte roimh na Gaeilgeoirí uilig sa phobal áitiúil. Cé go bhfuil siad beag sna huimhreacha, tá na Gaeilgeoirí ó Fhionnglas bríomhar agus léirigh a láithreacht ar an lá an tiomantacht atá acu don Ghaeilge.

Bhí óráidí iontacha ann as Gaeilge ó na daltaí Bernie MacGaraidh, Siobhán Ní Dhochairtaigh agus Tomás McFheorais. Chuir ceol ó Mary Murphy agus Mick Cantwell go mór leis an t-atmaisféar.

Chum na daltaí agus an teagascóir, Nicola, ón CDETB Seirbhís Oideachais Aosúil ar Bhóthar Barra, an leabhrán mar pháirt de thionscnamh ranga chun a gcairde, a gclanna agus a gcomh mhic léinn a spreagadh chun a gcúpla focail a úsáid.

Aidhm eile den leabhrán ná go gcruthóidh sé meon dearfach i leith na Gaeilge agus go mbeidh sé ina acmhainn oideachasúil do bhunscoileanna, meánscoileanna agus eagraíochtaí áitiúla. Is leabhrán bunúsach é, leagtha amach mar fhoclóir, chun cabhair a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim nó a ath-fhoglaim.

Is mic léinn aosacha atá sa rang Gaeilge agus tá siad le chéile le blianta anuas. Téann siad ar turasanna éagsúla, mar shampla, chuig an amharclann agus iarsmalann, agus freastalaíonn siad ar an nGaeltacht gach bhliain.

Más mian leat cóip den leabhrán a fháil saor in aisce, déan teagmháil le Cora Rafter ar cora.rafter@aes.cdetb.ie nó tríd an suíomh idirlín
www.cdetbadulteducationfinglas.ie.

CDETB March 2018 ©Keith Dixon-41