Méid an Téacs

Cúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí a bhíonn nó a bheidh ag múineadh ábhair éagsúla trí Ghaeilge

Meitheamh 12, 2018

Cúrsa 20 Seachtaine
Luan 7.00 – 9.00 p.m., ag tosnú Dé Luain 10.09.2018.
Táille €300.

Clárú: 05.09.2018 (dáta deiridh).

Cur síos ar an gCúrsa
Is cúrsa é seo dóibh siúd atá ag múineadh nó gur mhaith leo bheith ag múineadh tré mheán na Gaeilge. Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn ar siúl laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, sa seomra foirne agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na múinteoiri:
(i) ábhar/ábhair faoi leith a mhúineadh trí Ghaeilge
(ii) caidreamh sóisialta a bheith acu le múinteoirí eile agus le daltaí na scoile, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga
(iii) scileanna cainte/scríbhneoireachta/gramadaí a fhorbairt, mar aon le stór focal.

I measc na n-ábhar a phléifear bheidh a leithéid seo:

A. Tarlúintí i rith an lae
(i) Foclóir an ábhair atá á mhúineadh trí Ghaeilge
(ii) Caidreamh an tseomra ranga agus an tseomra foirne
(iii) Am sosa, am lóin, am saor, imeachtaí scoile
(iv) Mothúcháin phearsanta (an dea-mhéin, an buíochas, an gliondar, an míshásamh, an éiginnteacht, an faitíos srl.)

B. Tarlúintí i rith na seachtaine
(i) Cruinnithe foirne
(ii) Cluichí, clubanna
(iii) Turasanna scoile
(iv) Cuairteoirí, eagraíocht, an bhaint idir an scoil agus an sochaí

Tá an cúrsa seo oiriúnach do:
(i) ábhair mhúinteoirí
(ii) múinteoirí nua-cháilithe
(iii) múinteoirí atá fostaithe cheana féin sna Gaelcholáistí
(iv) múinteoirí a bhfuil fonn orthu cur isteach ar phostanna sna Gaelcholáistí

Speisialtóirí
Tabharfar isteach speisialtóirí ins na hábhair éagsúla mar aoí-chainteoirí (múinteoirí a bhfuil sean taithí acu).

Breis eolais: www.ucc.ie/igl , Teil: 021-4902314, Ríomhphost: m.nishuilliobhain@ucc.ie