Méid an Téacs

Cúrsaí EPV ar líne: deis do mhúinteoirí staidéar a dhéanamh ar a sócúlacht

Meitheamh 27, 2012

Agus deireadh na scoilbhliana ag teannadh linn, tá scíth tuillte ag daltaí agus ag múinteoirí na tíre araon. Caithfidh go leor d’aos óg na hÉireann laethanta fada ag ligean a scíthe cois farraige agus, ós rud é go bhfuil réimse leathan cúrsaí ar líne á thairiscint ag Gaelchultúr an samhradh seo, níl aon chúis nach ndéanfadh múinteoirí na tíre amhlaidh.

Tá ocht gcúrsa EPV á dtairiscint ag Gaelchultúr do mhúinteoirí bunscoile i mbliana, agus is féidir tabhairt fúthu ó áit ar bith ar domhan, fad is atá fáil ar an idirlíon ansin. Tá aitheantas faighte ag na cúrsaí go léir ón Roinn Oideachais agus Scileanna, agus beidh gach múinteoir a thabharfaidh faoi cheann acu go críochnúil i dteideal trí lá Saoire Phearsanta Bhreise (EPV) a thógáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí samhraidh seo nó triail a bhaint as aonaid shamplacha ar www.gaelchultur.com.

“Measaimid go mbeidh an-éileamh ar an dá chúrsa nua atá forbartha againn i mbliana,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Bíonn deacrachtaí ag múinteoirí go minic gníomhaíochtaí spraíúla teanga a eagrú sa seomra ranga, ach gheobhaidh siad neart smaointe ó na pleananna ceachta agus ó na físeáin atá mar chuid lárnach den chúrsa Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga.

“Táimid dóchasach go mbeidh an-spéis ag múinteoirí fosta sa chúrsa nua eile atá forbartha againn: Ardchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile. Tá breis is 600 múinteoir tar éis an Bunchúrsa Cruinnis do Mhúinteoirí Bunscoile a dhéanamh go dtí seo, agus tabharfaidh an cúrsa nua seo deis dóibh dul i ngleic le rialacha níos dúshlánaí agus barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga.”

€75 an táille atá i gceist do na cúrsaí ar fad.