Méid an Téacs

D’éirigh Thar Barr le Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta 2012

Márta 26, 2012

Comhdháil iontach a bhí ann i mbliana arís – tharla sé i gColáiste Feirste i Béal Feirste – an t-aon Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i mBéal Feirste ina bhfuil breis is 500 dalta ag freastal uirthi.

Comhoibriú Coláisteacht téama na Comhdhála i mbliana agus comhoibriú iontach a bhí le mothú i measc na múinteoirí a d’fhreastal ar an chomhdháil.  Bhí 10 gceardlann ann le linn an lae agus ábhair éagsúla, suimúla pléite acu ar fad.

Bhí sé deas feiceáil chomh maith an dul chun cinn atá déanta ag cuid do na scoileanna agus eagraíochtaí ar nós CCEA agus An tAisaonad a chuidíonn le forbairtí in earnáil na Gaelscolaíochta. Bhí sé an spreagúil feiceáil an obair iontach atá ag dul ar aghaidh agus an dul chun cinn atá déanta i nGaelscoil Phádraig Naofa Crois Mhig  Lionnain ag Bláithín Ní Dheornáin. Tá an dul chun cinn déanta aici maidir leis an ábhar – Scéalaíocht Digiteach.  Bhí sé chomh spreagúil céanna foghlaim faoin obair agus an dul chun cinn atá déanta i nGaelscoil Éadáin Mhóir ag Mary Nic Ailin an obair a bhaineann le Féinmheasúnú agus pleanáil Forbartha Scoile.

Gan dearmad a dhéanamh ar na ceardlanna uile bhí gach ceann acu chomh spreagúil spéisiúil agus fiúntach sin – ach, ar an droch uair agus an t-aon treascairt faoi ná nach dthiocfadh le gach duine freastal ar gach ceann acu.

Ba mhaith le Comhairle na Gaelscolaíochta, agus, Tarlach Mac Giolla Bhríde ach go háirithe, buíoch a thabhairt d’ achan duine a d’fhreastal ar an Chomhdháil i mbliana agus buíochas mór ag gabháil do lucht ceardlainne as an sár-oibre a chuireadh isteach acu.

www.comhairle.org